Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 7, 2019

Le Rath Stailceanna Cíosa a Chinntiú, Caithfidh Gníomhaithe agus TCDSU Bheith ar Aon Intinn

Bhí sé aisteach nach raibh tuilleadh plé faoi stailceanna cíosa ag comhairle TCDSU an Mháirt seo caite.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tráthnónna an Mháirt seo caite, tharla dhá chruinniú éagsúla ag suíomhanna freasúracha ar champas na Tríonóide.

Comhairle Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) ab ea ceann acu, inar bheartaigh an t-aontas dul i gcoinne Breatimeacht gan bearta go hoifigiúil agus chruthaíodh coistí nua chun dul i ngleic le ceisteanna na Mac Léinn Aibí agus na timpeallachta.

An cruinniú eile a bhí ar siúl ná an chéad chruinniú ag an ngrúpa feachtais nua sa Choláiste, Ísligh an Cíos – baicle de ghníomhaithe mic léinn atá ag lorg tacaíochta do stailc cíosa ar champas.

ADVERTISEMENT

Teastaíonn ó bhaill Ísligh an Cíos aithris a dhéanamh ar stailceanna cíosa Coláiste Ollscoile Londain 2017, agus athghabháil a dhéanamh ar an teaspach a bhí ann le linn Tóg an Tríonóid Ar Ais, agus brú a chur ar an gColáiste costas a lóistín a laghdú.

Is sprioc dheacair ach indéanta é seo ar champus ar nós campus na Tríonóide, áit a bhfuil cónaí ar chuid dos na daltaí is gníomhaí i lóistín a éilíonn méid ríchostasach.

Ach dóibh siúd atá taobh thiar de Ísligh an Cíos, mórán acu ina ghníomhaithe seanbhunaithe, caithfidh go bhfuil fhios acu go bhfuil sé i bhfad ÉirInn níos fusa gluaiseacht campais ollmhór a chruthú le tacaíocht ó aontas le ardán níos mó ná iad – agus le cluas na héisteachta ó na daoine a dhéanann cinntí na Tríonóide.

Dá bhrí sin, caithfidh siad cinntiú go bhfuil a seacht ndícheall á dhéanamh acu na stailceanna cíosa a chur ar chlár gnó TCDSU. Má theastaíonn uathu dul ón imeall go tús cadhnaíochta, is gá go mbeidh TCDSU taobh leo.

Faoin dtráth seo, is cinnte nach mbeidh ceist dá laghad ag an aontas faoi tacaíocht a thabhairt do ghluaiseacht chosmhuintir a bhunaíodh chun cosaint acmhainní gann na mac léinn a chosaint. Tugann stailceanna cíosa an deis do TCDSU tús áite a thógáil i ndul i ngleic le fadhb a chuireann isteach ar mhic léinn ar fud na tíre – deis rí-annamh do mhic léinn atá ina bpolaiteoirí.

Mar sin, bhí sé aisteach nach raibh plé ar bith faoin seift ag comhairle an aontais, agus é ina foras cinnteoireachta is mó le rá, mar dhea, ag an suíomh is oiriúnaí chun socraithe a dhéanamh faoi smaoineamh atá ag brath ar phleanáil agus cuspóireacht le bheith rathúil.

Tá sé luath sa lá fós, ach caithfidh na stailceanna bheith ar liosta na rudaí atá le déanamh i mbliana. Is gá go mbeadh na gníomhaithe agus na hoifigigh TCDSU ar aon intinn.

Is gníomhaí seanbhunaithe Laura Beston, Uachtarán TCDSU, agus tá sí tar éis scríobh go ghéar faoi déine géarchéim tithíochta na mac léinn. Anois is gá di, agus a aontas, beart a dhéanamh de réir a bhriathar.