Sport
Oct 16, 2019

Léimigí Isteach san Fháinne – ag Dórnálaíocht mar Bhean i gColáiste na Tríonóide

Pléann Alannah Ní Mhuirí faoin taithí atá aici a bheith ag dornálaíocht mar bhean i gColáiste na Tríonóide.

Alannah Ní MhuiríScríbhneoir Cúnta
blank
Anna Moran for The University Times

Is go hiondúil go dtarlíonn sé seo, an rud céanna gach uair agus mé á labhairt le duine éigin nua. Tosaíonn muid, i slí amháin no slí eile, ag labhairt faoi sport. Is insím an fhírinne, go ndéanaim dórnáloíacht le gCólaiste na Tríonoide.

Is ansin a thagann an t-iontas, nó fiú níos measa, ceapann said nach bhfuilim ag insint na fírinne. Is an comhrá céanna a bhíonn agam beagnach gach uair, agus ag na cailiní eile atá sa chlub.

“Dórnálaíocht an ea? Saghas BoxFit rang atá ann?”

ADVERTISEMENT

“No no, ní hea BoxFit, is dornálaíocht cheart atá ann”

“Oh go bhfóire Dia orainn, i ndáiríre?”

Ach bíonn muid réidh don comhrá seo anois, tá script éigin ullmhaithe againn.

Níor thosaigh sé amach mar seo, faraor. Nuair a thosaigh mé ag dórnálaíocht, thart fá trí bliana ó shin, scéal eile a bhí i gceist.

Is rang beag a bhí ann, buachaillí óga, cúpla seanfhear agus triúr mná. Me féin mar cheann díobh. Is spraoi a bhí ann ar dtús, léimtear isteach go dtí saol an chlub an sciopaí. Bhí skipáil, ag bualadh malá agus sa deireadh píosa troda. Is rinne gach duine an rud céanna. Timpeall bliain níos deanaí, tháinig traenáilí nua ar bhord. Fear ard, saghas scanrúil ach d’fheach sé deas.

An chead lá ina raibh sé ann, thóg sé gach duine i gciorcal, bhíos saghas taobh amuigh. Dúirt sé sa ghuth saghas searbh seo:

“Má tá sibh i ndáirire faoi seo, beidh mise freisin, seo an ‘fíor-stuif’”

Bhí sceitiminí ar gach duine ar ndóigh, chun an traenáil nua a thosú, an traenáil go tobann i ndairire.

Ach ní raibh an ‘fíor-stuif’ do gach duine, rud a d’fhoghlaim na mná tar éis cúpla lá.

Leanamar ar aghaidh lenár traenáil ach mhothaigh sé amhail is go ndearna an chuid eile den chlub dearmad orainn. Bhí na cailiní caillte sa chúinne, gan smaoinidh fúinn. Go tobann ní raibh aon duine ag rá linn chun ‘ár lámha a choimeád san aer’ nó ‘níos tapaí, maith thú’.

Nuair a thug ár dtraenáilí ard orainn, is rudaí mar “na buail ró-chrua í, ná bris rud éigin” a dúirt sé. Lean na maslaí beaga seo ar aghaidh, go dtí gur thug na buachaillí aird ar. Ba bhocht an t-atmaisféar a bhí ann, ach ba uasáfaí ar fad a bhí sé nuair a d’fhág beirt chailiní eile. Is dócha go bhfuil an ‘fíor-stuif’ díreach teoranta do na fir amháin.

Thuig mé go raibh chlubanna eile ann, clubanna níos fáiltiúla do mhná, clubanna nach mbeadh orm cloisteáil: ‘Bí cúramach léi, is cailín í’.

Bíonn traenáil crua agus bíonn tú scriosta tar éis gach uile séisiúin ach tá gach duine cothrom i gClub Dornálaíochta Choláiste na Tríonóide

Thosaigh mé i mo chéad bhliain i gCólaiste na Tríonoide, ach níor chuaigh mé in aice leis an gclub dórnálaoíchta anseo. Chun an fhírinne a rá, bhí scanradh orm, bhí eagla orm go dtarlódh an rud céanna anseo.

An chéad lá a chuaigh mé chuig an chlub, bhí a lán daoine ann, buachaillí óllmhóra ag siúl timpeall, agus cailíní i ngrúpaí. Bhí mé neirbhiseach agus ní raibh mé abálta smaoineamh faoi an rud eile seachas mó shean-chlub dornálaíochta agus an taithí uafásach a bhí agam leis. Ach thosaigh Eibhlín ag labhairt liom, agus go tobann bhí fáilte rogham sa ghrúpa de chailiní, ag labhairt leo faoi mhodúil éagsúla agus saol an choláiste.

Is mná iad thart fá tríú den chlub dórnálaíochta i gColáiste na Tríonóide. Is mise ceann díobh. Bíonn traenáil ar siúl taobh amuigh den champus ar Shráid an Phiarsaigh – siúlóid thart fá deich nóimead ón lárionad spóirt.

Níl an club dornálaíochta teoranta go dtí an troid ach an oiread. Bíonn spraoi sa chlub agus imeachtaí nach mbeifeá ag súil uathu ó chlub dornálaíochta – taobh amuigh den ‘fháinne dornálaíochta’ mar sin. Buailimid le chéile sa Pav agus ag deanamh tráth na gceist chomh maith.

Tá captaen na bhfear agus captaen na mban ann, in éineacht leis an treanáilí Dan a bhrúnn gach duine chun a bheith níos fearr gach seactain.

Maireann traenáil dhá uair go leith, trí lá in aghaidh na seactaine, anseo sa Choáiste. Bíonn traenáil ar siúl sa tráthnóna, ó 5in go dtí 7.30in – mar sin is bealach foirfe é chun do chuid ama a chaitheamh agus an trácht is gnóthaí san ardchathair á seachaint agat. Bímid ag spearáil gach seactain. Chomh maith leis sin, bímid ag skipáil, bíonn aclaíocht agus ar ndóigh is í an dórnálaíocht cheart an chuid is tabhachtaí den traenáil.

Bíonn traenáil crua agus bíonn tú scriosta tar éis gach uile séisiúin ach tá gach duine cothrom i gClub Dornálaíochta Choláiste na Tríonóide – tá na mná agus na fir ar chomhchéim.

B’fheidir gur féidir le mná an ‘fíor-stuif’ a dhéanamh freisin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.