News
Oct 2, 2019

Maoiniú do Chursaí Gaeilge de Luach €1.63 Milliún Fógartha ag Sean Kyne

Cuirfear an maoiniú ar fáil do 12 chúrsa Gaeilge dírithe ar dlí, aistriúchán agus ateangaireacht.

Malachi Ó MarcaighSenior Editor

D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht, agus do na hOileáin, Sean Kyne, go gcuirfear maoiniú €1.63 milliún ar fáil do chursaí tríú-leibhéil Gaeilge ar an Luan.

Thuairiscigh Tuairisc.ie go dtabharfar tacaíocht do 12 chúrsa Gaeilge i gcoláistí timpeall na tíre. Bainfidh ceithre ollscoil leas as an maoiniú: Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bronnfar an maoiniú ar chursaí dlí, cursaí aistriúcháin agus cursaí ateangaireachta – cursaí oiliúna a n-ullmhaíonn céimithe le bheith ag obair leis an Aontas Eorpach.

ADVERTISEMENT

I ráiteas ríomhphoist go dtí The University Times, dúirt Dúirt Clíodhna Ní Dhufaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI): “Cuireann Aontas na Mac Léinn in Éirinn lán-fháilte roimh an €1.63 milliún do chúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal.”

Tabharfar maoiniú d’Óstaí an Rí, agus Gaelchultúr – eagraíocht a reachtaíonn ranganna Gaeilge – freisin.

Luaigh Ní Dhufaigh gur cóir go mbeidh “tuilleadh oibre” ar siúl ag an rialtas chun tacaíocht cheart a thabhairt don Ghaeilge. Leag sí béim faoi leith ar an táille Gaeltachta: “Tá múinteoirí bunscoile fós faoi bhrú airgid millteanach agus iad ag íoc €1500 sa bhreis le freastal ar chúrsa riachtanach sa Ghaeltacht le linn na céime.” D’éirigh an rialtas réidh leis an deontas Gaeltachta sa bhliain 2012.

Fógraíodh an maoiniú ar an lá céanna ar sheol Conradh na Gaeilge feachtas ar mhaithe le Gaeilge sa chóras oideachais a neartú.

I bpreasráiteas go dtí The University Times, dúirt Julian de Spáinn, urlabhraí an fheachtais: “Creidimid, san fheachtas #Gaeilge4All, go bhfuil an t-am tagtha chun na fadhbanna a shocrú ar bhealach iomlánaíoch agus cuimsitheach.”

Lean sé ar aghaidh, ag rá: “Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, polasaí cuimsitheach bunaithe ar fhianaise a chur le chéile, den chéad uair ó bunaíodh an Stát, don Ghaeilge inár gcóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.”

Tá achainí á lorg mar chuid den feachtas. Bailíodh níos mó ná 5,000 sínithe laistigh de lá amháin.

Tháinig conspóid chun cinn i Mí Lúnasa, nuair a d’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh go n-athrófar an chaoi a mbronntar díolúine ón nGaeilge.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.