Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 14, 2019

Ní Féidir le Coláistí Braith ar Mhic Léinn Chun an Córas Tearmainn a Tharrtháil

An tseachtain seo caite, thosaigh DCUSU achainí chun deireadh a chur le díbirt Mehwish Saqib.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is dócha gur mhothaigh mic léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) deja vu éigin nuair a thosaigh siad achainí i gcoinne dhíbirt Mehwish Saqib.

Bliain amháin ó shin, sheol Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCUSU) achainí den chineál céanna i gcoinne dhíbirt Shepherd Machaya, a bhí ag freastal ar an gcoláiste faoin gcóras Ollscoil an Tearmainn, agus bhí baoill céasta bagartha ina leith dá bhfillfeadh sé ar an tSiombáib.

Níl glóir tuillte ag ceachtar de DCU nó on córas Ollscoil an Tearmainn as ucht iarracht a dhéanamh mic léinn a chosaint a mbeadh i mbearna baoill dá ndíbreofar iad.

ADVERTISEMENT

I litir oscailte don Aire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan an tseachtain seo caite, d’éiligh Lorna Fitzpatrick, uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn go gcuirfear deireadh leis an ndíbirt.

Bhí a frustrachas le braistint: “Ní dhéanann sé móran céile i dtír na míle fáilte go ndíbreoimis mac léinn tearmainn ar cóir go mbeidh faoi chosaint sa scoláireacht atá aici.

Tá níos mó ná 7,000 sínithe bailithe ag achainí DCUSU – léiriú soiléir ar thiomantas na mac léinn don chóras Ollscoil an Tearmainn. Ach tá sé neamhfhóirsteanach gurb iad mic léinn na daoine atá ag agóidíocht i gcoinne díbirt, a léiríonn go bhfuil ag teipeadh ar an gcóras Ollscoil an Tearmann a chuid mac léinn a chosaint.

Níl aon cheist faoi ach gur tionscnamh ríthábhachtach é seo agus tá moladh tuillte ag DCU as ucht glacadh leis. Is céim riachtanach í an 60 scoláireacht atá a mbronnadh ar iarrthóirí tearmainn chun fháil réidh leis na constaicí a bhaineann leis an ardoideachas.

Ghlac DCU creidiúint don chóras go gasta. I Mí an Mheithimh, dúirt Uachtarán DCU Brian MacCraith: “Léiríonn na scoláireachtaí seo an neart a bhaineann le dúthracht DCU dár stádas mar Ollscoil an Tearmainn, agus go dtí na luachanna de cheartas sóisialta agus cuimsiú.”

Ní féidir le coláistí an craiceann agus an luach a bheith acu. I ndiaidh ordú díbeartha na bliana seo caite, ba chóir go raibh plean teagmhais acu chun an rud céanna a sheachaint amach anseo. Má tá an coláiste chun creidiúint a ghlacadh don chóras, ní mór dóibh éirí agus deireadh a chur lena spléachas ar mhic léinn chun iarrthóirí tearmainn sa choláiste a chosaint.