Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 4, 2019

Léiríonn Banc Bia UCC na Deacrachtaí Atá Roimh Mhic Léinn

An tseachtain seo, bhunaigh UCCSU banc bia do mhic léinn atá ag streachailt.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, d’éirigh le Coláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC) bheith mar an chéad coláiste Éireannach le blianta beaga anuas chun banc bia a oscailt dá mhic léinn.

Tá na heagraithe, Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (UCCSU) ag déanamh mar a rinne roinnt institiúidí den chineál céanna, atá tar éis tuairisc a dhéanamh faoi rath na tograí banc bia ina n-ollscoileanna le déanaí.

Ach bhuail imní morán daoine, áfach, nuair a chuala siad go bhfuil bearta mar seo riachtanach.

ADVERTISEMENT

Is comhartha é gá le na bainc bia ar champais don anró airgeadais lena bhfuil mic léinn na hÉireann ag streachailt leis sa lá atá inniu ann.

Is léiriú an cor is déanaí sa scéal go bhfuil streachailtí na mac léinn ag géarú. Le blianta beaga anuas, tá siad ag iarraidh greim a fháil ar ghéarchéimeanna lóistín agus géarchéim maoiniú nach bhfuil réitithe fós.

Níos ginearálta, tá costais mhaireachtála sa tír tar éis ardú go tapa, agus ag an am céanna níl ag éirí leis na deontaisí agus foirdheontaisí atá ann ardú mar a ardaíonn táillí teagaisc agus caipitíochta.

De bharr seo, is léir gur bhraith UCCSU go raibh sé rí-thabhachtach go mbeadh ag mic léinn ar bhéilí. Tá imní ar mhorán toisc nach bhfuil mic léinn in ann díon seasmhach a fháil os a gcionn – agus más féidir leis an imní seo dul in olcas – anois tá eagla ar dhaoine nach bhfuil mic léinn in ann iad fhéin a chothú.

Is léir go bhfuil moladh tuillte ag UCCSU as ucht a gcuid iarrachtaí chun réitigh d’fhadhbanna na mac léinn a aimsiú. Is líontán sábhála tábhachtach iad bainc bia, seirbhís bhunúsach ar chóir go mbeadh gach mic léinn in ann úsáid dá mbeadh orthu.

Ach tá conspóid ag baint le bunú bainc bia: léiríonn siad an cruachás a eascraíonn as géirchéimeanna agus polsaí rialtais lochtach. Díol suntais é, ansin, gur treocht iad laistigh d’ár n-ollscoileanna sa lá inniu ann, seachas seaniarsma.

Is fírinne bhrónach í an chaoi nach mbeidh an banc bia i UCC an ceann deireanach a bheidh le feiceáil in ollscoileanna na hÉireann. Tá sé thar a bheith náireach ó thaobh an rialtais de gur éirigh na fadhbanna as cuimse. Agus, cé go gcabhróidh an tionscnamh seo le mic léinn atá ag streachailt, ba chóir dianmcachnamh a dhéanamh faoin treocht seo.