Radius
Nov 12, 2019

Tugann Diyu Wu Cuairt ar Choláiste na Tríonóide

Labhair Diyu Wu faoin taithí a bhí aige agus an scánnán á thaifead aige, agus faoin nGaeilge sa chóras oideachais.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge
blank
Róisín Ní Fhallúin

Bhí atmaisféar meidhreach le braistint i Seomra na Gaeilge lán le daoine ar oíche Dé Luan chun éisteacht le caint ó Diyu Wu, an príomhaisteoir ón ngearrscannán iomráiteach Yu Ming is Ainm Dom. D’eagraigh baill ó Scéim Chónaithe Choláiste na Tríonóide an t-imeacht.

Taispéanadh an gearrscannán – atá dírithe ar fhear Síneach a bhogann go hÉireann agus an Ghaeilge foghlamtha aige – agus ansin cuireadh ceisteanna ar Wu. Bhuaigh an gearrscannán gradam ó Acadamh Teilifís agus Scannanaíochta na hÉireann (IFTA) sa bhliain 2004.

Dar le Wu, d’éirigh leis an ról mar Yu Ming a fháil go hiomlán trí sheans: “Bhí an stiúrthóir Daniel O’Hara sa tóir ar dhaoine a raibh scileanna aisteoireachta acu agus oidhreacht Shíneach acu freisin. Bhí mé sé bliana déag d’aois ag an am agus mé an idirbhliain, agus taithí oibre ar siúl agam ag an am.”

ADVERTISEMENT

Labhair Wu faoi na radharcanna is fearr leis ón ngearrscannán. Nocht sé gur taifeadadh an radharc den shiopa Síneach san Asia Market ar Shráid Drury. Bhí air ceist a chur ar an mbainisteoir chun gearrscannán a thaifead san Asia Market. Ach, dar le Wu, tá “éagsúlacht canúna” idir Cantainis agus Mandairínis agus cheap an bainisteoir gur scannán pornagrafaíochta a bhí i gceist leis, seachas gearrscannán.

Radharc eile ar bhain sé taitneamh as ná an radharc sa teach tabhairne, nuair a chas sé ar sheanfhear (Frank Kelly) a thugann cuireadh dó teacht chuig an nGaeltacht. Bhain sé taitneamh as a bheith ag obair le Frank Kelly, aisteoir cáilliúil ó Father Ted, agus “fear deas”, dar le Wu. Dúirt Wu gur chabhraigh Kelly lena chuid fabhraíochta. “Rinneadh an radharc sin a thaifead ar Aoine an Chéasta, nuair nach raibh cead ag tithe tabhairne oscailt ar an lá sin. Rinne a lán daoine iarracht teacht isteach agus pionta a ordú agus an radharc á thaifead againn.”

Is é an radharc ina úsáideann Yu Ming an forc agus an scian mar chipíní itheacháin an radharc is fearr leis ón ngearrscannán: “Thaitin an coincheap go mór liom, ach bhí sé chomh deacar beir ar an forc agus scian agus iad bun os cionn. Ba bheag nár thosaigh mé ag gáire toisc gur cheap mé go raibh sé chomh hamaideach sin.”

Léiríonn an gearrscannán tréithe sainiúla de phobal na hÉireann, dar le Wu: “Is cuid lárnach de chultúr na hÉireann é an mana ‘céad míle fáilte’, níl sé teoranta go dtí comharthaí san aerfort. Déanann muintir na hÉireann tréaniarracht a fáilte a chur roimh dhaoine agus cabhair a tabhairt dóibh.”

Ach níor lean Wu leis aisteoireacht i ndiaidh an ghearrscannáin, faraor. D’fhreastal sé ar Choláiste na Tríonóide agus bronnadh céim sa dlí air sa bhliain 2011. Labhair Wu faoi na constaicí a sheasann roimh daoine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim: “Níl an t-atmaisféar ceart ann lasmuigh den Ghaeltacht agus gaelcholáistí chun an Ghaeilge a chur chun cinn.” Bhog Wu go dtí an tír seo nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois, agus mar sin ba dhushlán mhór dó í an Ghaeilge a fhoghlam. Dúirt Wu go bhfuil an bród is mór air don D ar bronnadh air in ardleibhéal Gaeilge don Teastas Sóisearach.

Ag deireadh na cainte, bronnadh peann le greanadh air ar Wu. Ansin, lean an oíche ar aghaidh le himeacht leadóg bhoird – bhí sé ina chaptaen ar an gclub leadóg bhoird anseo agus é ina mhac léinn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.