Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 29, 2020

Bua é Imeacht Aramark, Ach Nascanna Amhrasacha ag an gColáiste Go Fóill

Is bua é imeacht Aramark ó champas na Tríonóide d'fheachtasaíocht na mac léinn, ba chóir go spreagfaidh sé níos mó gníomhaireachta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

In 2016, shínigh Aramark conradh leis an gColáiste, ag teacht i gceannas ar bhialanna san Hamilton. Mhúscail cinneadh an Choláiste chun gnó a dhéanamh le comhlacht atá i gceannas ar ionaid sholáthair dhírigh fearg i measc mic léinn: in 2017, chuir Aramark Off Our Campus – grúpa feachtasaíochta mac léinn – tús le baghchat ar na bialanna.

Tríd olc agus maith, throid na mic léinn ar son an bhaghchait, ag agóidíocht lasmuigh den bhialann. Agus an tseachtain seo d’éirigh leo: d’fhág Aramark ár gcampas, bliain sula raibh a chonradh le críochnú.

Is bua mórála é seo do na mic léinn a throid i gcoinne Aramark. Tá soláthar díreach mar cheann de na teipeadh is measa ón rialtas seo agus is cinnte go mbreathnóidh na glúinte romhainn siar air le náire. Mar sin, is dea nuacht é nach ndéanfaidh an Tríonóid le comhlacht a dhéanann brabús as iarrthóirí tearmainn.

ADVERTISEMENT

Ach is bua é d’fheachtasaíocht na mac léinn freisin. Léirigh Aramark Off Our Campus gur féidir difríocht shuntasach a dhéanamh le hobair dhian agus torann ard. Cé go bhfuil sé dóchúil nach raibh an baghcat an t-aon chúis ar tháinig deireadh leis an gconradh, bhí baint ag feachtasaíocht na mac léinn leis an gcinneadh. Fiú má bhí an feachtas éirithe níos ciúine le déanaí, d’éirigh leis na feachtasóirí smál a tharraingt ar ainm na bialainne.

Ach níl Aramark an t-aon pháirtnéir gnó amhrasach atá ag an gColáiste. Tóg i gcás Sodexo – comhlacht atá i gceannas ar bhialanna ar timpeall champas na Tríonóide – ar theip orthu stop a chur le cliseadh ar chearta daonna i bpríosún a ritheann siad i Sasana. Nó fondúireacht Al-Maktoum – atá nasctha le rialtas in Dubai nach bhfuil aitheanta dá chearta daonna – a íoc as an Institiúid do Léann an Mheánoirthir anseo sa Choláiste.

Is bua mór é imeacht Aramark ón gcampas do mhic léinn agus is léiriú intinne é don Choláiste: tá mic léinn aireach faoi pháirtnéirí gnó an Choláiste. Ba chóir go spreagfaidh seo feachtasóirí sa todhchaí chun troid i gcoinne páirtnéirí gnó amhrasacha eile atá ag an gColáiste. Agus tá neart acu ann.