Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 13, 2020

Le Géarchéim Maoinithe, Rún Iontach Uaillmhianach Ó Trí Ollscoil

An tseachtain seo, d’fhógair Ollscoil Éireann Gaillimh plean chun ceantar fiontar de luach €200 milliún a thógáil.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo nochtaíodh beartas nua ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) chun athchóiriú iomlán a dheanamh ar a campas sna blianta amach romhainn. Tá leabharlann eile, campas sport nua agus forbairt ar cheantar fiontair mar chuid de na geallúintí i bplean straitéiseach na hollscoile – le costas de luach €200 milliún tuartha.

Seans go mothaíonn na pleananna seo tromchúiseach. Ach, leis na beartais seo ag teacht go gairid i ndiaidh phlean Ollscoil Luimnigh (UL) chun daonra na mac léinn a ardú faoi 50 faoin gcéad agus rún an Choláiste Ollscoile (UCD) chun líon na mac léinn a ardú go dtí 32,000 i ndeich mbliana, éiríonn pleananna OÉG níos réalaíche.

Tá níos mó cosúlachtaí ag na pleananna ná na geallúintí fairsinge atá acu. Cuireann plean OÉG chun ceantar fiontair a chur ar fáil ar Oileán na Ban Rialta plean na Tríonóide – chun Campas Teicneolaiochta agus Fiontar a thógáil i nDuga na Canálach Móire – i gcuimhne . Tá sé maíte ag Ollscoil Luimnigh go bhfuil siad ag iarraidh cabhair a thabhairt athnuachan a dhéanamh in iarthar lár na tíre. Ní fhéadfaí cur ina luí go bhfuil easpa uaillmhéine acu.

ADVERTISEMENT

Ach le straitéisí uaillmhianacha nochta ag trí ollscoil le déanaí, éiríonn sé níos deacra gan smaoineamh: conas atá an earnáil ardoideachais, earnáil gafa i ngéarchéim fhada maoinithe, anois ag foilsiú pleananna chomh tábhachtach – agus costasach – dá todhchaí?

Is dócha go mbaineann an freagra le cinneadh tomhaiste agus intuigthe ó ollscoileanna chun ardú a dhéanamh ar a maoiniú nach dtagann ón Stáit. Meallta ó iompar an Choláiste seo, tá fáilte mhór curtha ag ollscoileanna roimh tráchtalú agus daonchairdeas ar bhealach gan choinne.

Tá seo déanta acu go rathúil, le tionscnamh Inspiring Generations na Tríonóide go mór i mbéal an phobail agus moladh tuillte ag UCD as barrachas €35.2 milliún a thaifead in ainneoin an easpa infheistíochta ón rialtas.

Ach tá an dreach ar an scéal go bhfuil na figiúirí atá á bplé – atá go minic ag dul i dtreo tionscnaimh chaipiteal móra – bunaithe ar an mbun go mbeidh an múnla tráchtála in ann soláthair do riachtanais na n-ollscoileanna, riachtanais atá ag méadú de shíor. Ní cur chuige é gan riosca.

Is cinnte gur rud aisteach é go bhfuil uachtaráin ollscoileanna ag cásamh – agus fáth maith acu – faoi easpa maonithe, agus go bhfuil siad ag caitheamh na céadta mílte ar thionscnaimh chaipiteal móra. Bímis dóchasach na dtiteann na beartais as a chéile.