Radius
Jan 29, 2020

Stíl agus Coinsias – na hÉadaí Gaelacha is Fearr Ar An Margadh

Le cúpla bliain anuas, tá claochlú iomlán tar éis teacht ar íomhá na Gaeilge.

Aoife EnrightLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Deich mbliana ó shin, ní raibh le fáil chun taispeáint gur Gaeilgeoir thú ach an fáinne óir agus t-léinte le frasaí ar nós “Fan socair agus labhair Gaeilge”. Mar sin féin, deich mbliana ó shin ní raibh fonn ar éinne, seachas b’fhéidir fíor-Ghaeilgeoir paiseanta nó beirt, fianaise a chaitheamh chun taispeáint do chách an dúil a bhí acu sa teanga. Ach le cúpla bliain anuas tá claochlú iomlán tar éis teacht ar íomhá na Gaeilge.

Ní gá ach dul ar Twitter agus féachaint ar threochtaí ar nós #Gaeiltober chun tuiscint thapa a fháil – tá an Ghaeilge ‘cool’ anois agus tá sí ann do gach éinne – ón nGaeilgeoir dílis go dtí an duine le cúpla focal. Is soiléir é seo ón éileamh atá ann do earraí Gaelacha atá á gcruthú ag gnóthaí ar nós Beanantees, Gaeilgheansaí agus earraí bolscaireachta Disco Anocht.

Agus níl slí níos fearr ann chun do ghrá don Ghaeilge a léiriú ná t-léine nó geansaí a chaitheamh a léiríonn do ghrá. Is suaitheantais stíle ceart iad na héadaí seo go háirithe nuair a thuigeann tú an teachtaireacht láidir ach caolchúiseach atá á thabhairt acu – go bhfuil spás ann sa mhargadh d’earraí a léiríonn smaointe daoine óga faoi cheisteanna shóisialta.

ADVERTISEMENT

Ag labhairt leis an University Times faoin éileamh nua seo, deireann Cecily Nic Cionnaith, cruthaitheoir Gaeilgheansaí, gnó a dhíolann éadaí ar nós an ceann le dearadh álainn caolchúiseach leis an bhfrása “Tá Gaeilge Agam”, go bhfuair sí a hionsparáid ó gheansaithe ar nós na gcinn Repeal atá “simplí ach éifeachtach”. Luann sí gur thóg sí faoi dearadh “nach raibh morán earraí seachas leabhair ag cur na Gaeilge chun cinn”.

Gnó eile a dhíolann éadaí mar seo ná Beanantees, atá faoi úinéireacht beirt Gaeilgeoir agus dlúth cairde, Lana McGhee agus Ciara K Gallagher. Luann Gallagher an feachtas Repeal mar spreagadh chomh maith. Theastaigh ó Bheanantees rud éigin a thabhairt ar ais go mná na hÉireann tar éis an méid oibre a rinne siad le linn an fheachtais agus an aidhm atá acu ná “bheith ábalta Gaeilge a thabhairt go ‘mainstream’ agus í a dhéanamh ‘cool’ arís’.”

Táimid ag úsáid na bhfrasaí sin ar nós Yas Queen, Yas Banríon – má tá siad ábalta iad a dhéanamh as Béarla is féidir iad a dhéanamh as Gaeilge!

Cuireann Beanantees réimse leathan d’earraí Gaelacha ar fáil le frasaí grinn a úsáidtear de gnáth sa Bhéarla ar nós; “GRMA, next”, “Cailleach Salach”, agus “Marú”, mar aistriúchán Gaelach ar an bhfrása Béarla, “Slay”. Luann Gallagher go dteastaíonn uathu éadaí siamsúil gan a bheith ró-dáiríre a dhéanamh; “an chuid is mo de na frasaí atá againn, ní Gaeilge ceart atá ann – táimid ag úsáid na bhfrasaí sin ar nós Yas Queen, Yas Banríon – má tá siad ábalta iad a dhéanamh as Béarla is féidir iad a dhéanamh as Gaeilge!”

Is oíche damhsa í Disco Anocht le ceol tí trí mheán na Gaeilge atá cruthaithe ag Manus Ó Maoileoin agus Seamas O hAoláin. Bheartaigh siad ar éadaí a dhearadh agus a chruthú chomh maith. Agus Ó hAoláin ag labhairt faoi na héadaí, míníonn sé nach raibh cinneadh deacar rompu; “chonaiceamar go raibh éileamh ann agus cheapamar gur smaoineamh maith a bheadh ann agus sin é.”

Luann Gallagher an dul chun cinn agus an íomhá nua aimseartha atá ag an nGaeilge le déanaí; “tá daoine cineál bródúil as an nGaeilge agus an rud atáimid ag iarraidh taispeáint ná gur cuma muna bhfuil ach cúpla focal agat, tá sin ceart go leor.”
Aontaíonn Nic Cionnaith, a cheapann gur tharla cuid den athrú intinne uilíoch seo de bharr na hidirlíne. Luann sí ”Instagram, Twitter agus Podchraolta” mar chúis go bhfuil a thuilleadh daoine spreagtha chun “Gaeilge a úsáid i ngnáthbhealach a bhaineann leis an mBéarla.”

Deireann Ó hAoláin an rud céanna, gur mór an éifeacht atá ag an idirlíon ar bhrandaí bheaga ar nós Disco Anocht agus insíonn sé gur trí leathanach Instagram Disco Anocht a dhíoltar móramh na n-éadaí.

Luann sé freisin an fás tapaidh atá tar éis teacht ar an mbranda agus gur slí iad na éadaí chun buíochas a thabhairt dóibh siúd a théann go Disco Anocht go rialta agus go bhfuil sé deas go mbeidís in “rud éigin beag” a thabhairt dá lucht tacaíochta. Ag an am céanna is modh fograíochta iontach iad na héadaí agus slí chun “an branda a chur amach – má bhíonn daoine ag caitheamh na t-léinte agus na ngeansaithe leis an lógó bíonn sé go maith don ainm.”

Is éadaí álainn faiseanta iad na héadaí seo ar fad agus luann gach branda gur daoine óga, mic léinn ollscoile ach go háirithe, a thacaíonn leo, agus tá an ceart acu – is minic a fheictear na héadaí seo timpeall Bloc na hEalaíona.

Ach má cheannaíonn tú earra ó Bheanantees, ní amháin go bhfuil tú ag tabhairt tacaíochta don teanga, do bhranda Éireannach agus ag fáil feistis nua galánta, tugtar cuid den bhrabús do chatharnachtaí a dhéanann sár-obair ar son mná na hÉireann.

Oibríonn an branda go dlúth leis an Rape Crisis Centre Dublin agus Rape Crisis Network Ireland. Ag labhairt faoin mbealach a roghnaíodh na catharnachtaí seo, deireann Gallagher; “bhímid ag iarraidh iad a phiocadh mar tá siad ag déanamh obair iontach.”

Oibríonn an branda go dlúth leis an Rape Crisis Centre Dublin agus Rape Crisis Network Ireland

Luann sí go bhfuil stiogma fós ag baint le hobair na gcatharnachtaí seo agus is mar sin go bhfuil sé tabhtachtach dóibh go mbeidís in ann cuidiú leo. Catharnacht eile lena bhfuil baint acu leo ná Alliance for Choice agus is léir an meas atá ag Gallagher don obair a dhéanann siad. Deireann sí go macánta; “tá sé deas má tá tú ábalta geansaí nó mála a cheannach agus má tá fhios agat go bhfuil cuid den airgid sin ag dul go háit ina bhfuil daoine ag déanamh obair maith leis.”

Is éadaí le coinsias iad earraí Gaeilgheansaí chomh maith – tá dearadh acu leis an bhfrása “Bí Bródúil” bróidnithe le snáth ildaite. Míníonn Nic Cionnaith gur dhear sí é seo i gcomhair “Bród” i mbliana agus gur cheap sí go mbeadh an frása sin “oiriúnach don teanga ach oiriúnach fresin do dhaoine LADT mar baineann bród leis sin freisin. Sílim nach bhfuil morán ann as Gaeilge le haghaidh daoine sa ghrúpa sin.”

Má thugann tú tacaíocht do Dhisco Anocht is tacaíocht í freisin do shiamsaíocht oíche Baile Átha Cliath atá i mbaol. Is mór an éacht é go bhfuil imeacht nua atá trí mheán na Gaeilge cosúil le seo chomh rathúíl cheana féín. Luann Ó hAoláin go bísiúil go mbeidh a thuilleadh éadaí ag teacht amach roimh na Nollag agus molann sé súíl a chaitheamh amach “do ainmneacha níos mó, réimse éadaí nua agus ‘stickers’.”

Is léir ó rath na ndearthóirí seo go bhfuil an ceart ag Nic Cionnaith nuair a deireann sí go bhfuil “daoine paiseanta faoin nGaeilge le déanaí agus sásta í a léiriú.” Más rud é go raibh aon amhras ort faoi cé chomh ‘cool’ is atá éadaí Gaelacha faoi láthair – ní gá ach súil a chaitheamh ar Twitter agus d’fheicfeá go bhfuil Johnathan Van Ness, an pearsa ó Queer Eye is mó le rá, mar úinéir nua mála smididh “Yas Banríon.” N’fheadar cad a bheadh níos “cool” ná sin!

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.