News
Feb 21, 2020

An Síneadh Fada ar Fáil ar Chartaí Mac Léinn Anois

Beidh an deis ag mic léinn dul chuig an Chlárlann Acadúil chun cárta nua a fháil leis an síneadh fada.

Róise HannanScríbhneoir Cúnta
blank
Sinéad Baker for The University Times

Ón tseachtain seo beidh mic léinn i gColáiste na Tríonóide ábalta síneadh fada a fháil ar a gcartaí mac léinn.

Roimhe seo bhí deachrachtaí ag mic léinn fada a fháil ar a gcártaí mac léinn, ach i ndiaidh cúpla seachtain tá réiteach na faidhbe seo socraithe ag Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, Muireann Nic Corcráin, agus ag an Chlárlann Acadúil.

I ráiteas ríomhphoist chuig The University Times, dúirt Muireann Nic Corcráin, Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, gur tháinig an fhadhb seo chun solais ag tús na bliana acadúla seo, agus le cuidiú ó Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach na Gaeilge don choláiste, agus Muireann Kane, Oifigeach Cumarsáide agus Margaíochta d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, tá daoine anois in ann cárta mac léinn nua a fháil leis an síneadh fada scríofa ar a n-ainm.

ADVERTISEMENT

Dar le Nic Corcráin: “Caithfidh síneadh fada a bheith ar an gcóras atá ag an Chlárlann Acadúil i dtosach báire, ní féidir leo an fada a chur ar chárta nua gan é sin.”

Lean sí ar aghaidh, ag rá: “Mar sin, caithfidh mic léinn a chinntiú go bhfuil fada ar an gcóras nuair a chaitheann siad súil ar a gcuntas ar líne. Má tá sé ann, níl orthu ach dul isteach agus iarraidh orthu cárta nua a phriontáil amach. Muna bhfuil sé ann, tá ar mhic léinn foirm a líonadh amach chun a gcuid sonraí phearsanta a uasdátú agus is féidir leis an gClárann Acadúil cárta a thabhairt dóibh ansin.”

Bhí deis ag mic léinn dul chuig an gClárlann Acadúil ar an Déardaoin, agus beidh seans eile acu cárta nua a fháil maidin inniu idir a 10-12 in oifig an Chlárlann Acadúil.

An Aibreán seo caite, chuir mic léinn in Ollscoil Mhá Nuad tús le feachtas feasachta don síneadh fada. Chomh maith leis seo, i ndiaidh den cáineadh a rinneadh ar an Údarás Náisiúnta Iompair, go háirithe ag tús 2019, mar gheall nach raibh daoine in ann síneadh fada a fháil ar ‘Leapcard’ s’acu, tháinig athrú ar an scéal.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.