Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 18, 2020

Chraith Mic Léinn Polaitíocht na Tíre. Seans Nach mBainfidh Coláistí Leas As

Bhí ról an-tabhachtach ag daoine óga in olltoghchán lán d’athrú, ach ní féidir bheith cinnte de go mbeidh forbairtí don ardoideachas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dochreidte is ea an focal is mó a úsáideadh an tseachtain seo caite chun cur síos a dhéanamh ar thorthaí an olltoghcháin. Le dé-oplacht stairiúil Fianna Fáil agus Fine Gael ina smidiríní, tá formhór na trachtairí ag rá gur comhartha é an toghchán seo do ré nua polaitíochta.

Is cinnte go roinnfidh borradh Shinn Féin mic léinn: beidh roinnt acu den tuairim go dtugann an páirtí rogha tarraingteach de chuid na heite clé dóibh atá éagsúil ón status quo míshásúil, ach tá cuid eile a bheidh amhrasach faoina nascanna stairiúla le Poblachtachas foiréigeanach.

Ach ní féidir a shéanadh, áfach, go bhfuil athrú faoi bhun – agus tá an ghlúin óg tar éis tá ról suntasach a ghlacadh ann.

ADVERTISEMENT

Is fada an lá go mbraitheann toghthóirí óga na tíre díchumachtaithe. Le blianta, rinneadh neamhshuim de thionchar mic léinn i dtoghcháin, agus bhí daoine óga patuar faoin gcóras dhá-pháirtí. Ach i ndiaidh gluaiseachtaí shóisialta ar nós an reifrinn comhghnéis agus aisghairthe, tá an cuma ar an scéal go bhfuil an ghlúin óg tar éis guth polaitiúil a aimsiú.

Gan dabht, ní féidir linn bheith ag súil le athrú radacach thar oíche. Tá seans ann go mbeidh an rialtas nua an-chósúil leis na gcinn deireanacha: chomh maith, tá seans go bhfuil díoma ar mhic léinn cheana féin de bharr easpa suime i gceisteanna ar nós an ghéarchéim aeráide. Mar sin féin, i gcomparáid le toghcháin roimhe seo, is cinnte go bhfuil athrú tagtha ar chúrsaí .

In ainneoin seo, cé gur athrú mór é seo do dhaoine óga na hÉireann, is caomhnú bearránach é an toghchán i réimse an ardoideachais. Cé nach bhfuil fios cad atá ag tarlú maidir le foirmiú an rialtais, tá sé deacair samhlú go mbeadh aon bailiú polaitíochta in ann athrú mór le rá a dhéanamh i réimse an ardoideachais. Mar is gnách, déanann gealltainais an chuid is mó de na pháirtithe neamhaird ar na saincheisteanna, ar nós maoiniú, ach ní nach ionnadh go sáraíonn ceisteanna tithíochta agus sláinte an díospóireacht.

Agus rud eile, tá scaradh idir spéiseanna mac léinn agus an rud is fearr don earnáil tríú-léibhéil: cé gur bhraith brúghrúpaí go ndearna Fianna Fáil an thairiscint is fearr maidir le moltaí polasaithe le haghaidh an tríú leibhéal, ní dócha é gurb’iad an chéad rogha do mhic léinn.

Mar sin, cé gur féidir linn bheith muiníneach go bhfuil athrú romhainn don tír agus dá nglúnta óga, tá seans ann go mbeidh ceist an ardoideachais fágtha ar leataobh go fóill.