Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 26, 2020

Léiríonn Agóid Réamhghníomach Conas Arduithe Cíosa A Sheachaint

Bhí an ceart ag agóideoirí rabhadh a thabhairt don Chólaiste go bhfuil mic léinn réidh le troid i gcoinne arduithe cíosa.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a chuir baicle mac léinn feargach an Áirse Thosaigh faoi imshuí i rith na seachtaine, bhí seans go raibh cumha ar dhaoine i ndiaidh laethanta Take Back Trinity, na hagóidí chinniúnacha i gcoinne na táillí forlíontacha a chrith an campas siar i Márta 2018.

Ach bhí difríocht amháin ollmhór an uair seo, áfach, mar ghéill an Trionóid d’éilimh na hagóideoirí sular thosaigh aon chantaireacht. D’éiligh plaicird na mac léinn go gcuirfí stop le hardú cíosa ceathair faoin gcéad bhí molta – ach gheall an Coláiste an oíche roimh ré go bhfaigheadh siad réidh leis an ardú.

Ar an gcéad amharc, bhí cuma aisteach ar an scéal – agus cheapfá, faraor, go ndearna na hagóideoirí dearmad go raibh agóid le bheith ar siúl an lá sin.

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh, ní mar seo a d’imigh an scéal. Rinne Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríónóide (TCDSU) Laura Beston cinneadh, agus b’fhéidir gur cinneadh freagrach é, go rachfaidís ar aghaidh leis an ngníomhaíocht.

Mar a chuir Beston in iúl i ríomhphost chuig An University Times, ní raibh i ngéilleadh an Choláiste chun na arduithe a chur ar leataobh ach géilleadh sealadach.

Nuair a thóg an Coláiste faoi ndeara go raibh iomaíocht ghéar i gcoinne na n-arduithe cíosa – agus an aird sna meáin a rachadh leis – fuair siad réidh leis an moladh. Ach ní raibh aon ghealltanas nach dtarlódh a leithéad sa todhchaí – i ndáiríre, d’admháil an Coláiste go soiléir go bhfuil seans an-mhaith go dtarlóidh sé. Agus cosúil le coláistí eile, níl sé deacair athruithe mar sin a sciobadh i rith an tsamhraidh, nuair nach bhfuil mic léinn chomh gafa le cursaí an Choláiste agus nuair nach ndéanfaidh siad scéal mór de.

Tharla na hagóidí in ainneoin gur fuair an coláiste réidh leis na harduithe agus ba cheart go dtabharfaidh sé seo teachtaireacht soiléir don Choláiste: ní bheidh mic léinn sásta le géilleadh sealadach.

Cé nach raibh slua ollmhór i láthair ag an imshuigh, chuaigh láithreacht na hagóideoirí glórmhar ag suíomh a bhí le feiceáil go soiléir i bhfeidhm go mór. Chruthaigh TCDSU a chumas agus é ag troid i gcoinne an harduithe éagóracha seo – bímís ag súil leis go leanfaidh an fuinneamh seo le fada.