Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 17, 2020

Miontuairiscí Faoi Cheilt ag CLC, Léiriú ar Eagraíocht atá Dall ar a Stair Féin

Níl Cumann Luthcleasa an Choláiste sásta na miontuairiscí ó chruinnithe a bhí faoi stiúir ag iarchathaoirleach Donagh McDonagh a roinnt.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Céard atá á cheilt ag Club Luthclease an Choláiste (CLC)? Is cinnte gurb í sin ceist mhór do mhic léinn na seachtaine seo, i ndiaidh don nuachtán seo tuairisceoireacht a dhéanamh nach bhfuil an eagraíocht ag géilleadh lena miontuairiscí ó sheanchruinnithe an choiste feidhmiúcháin.

Ar an gcéad dul síos, is beag an t-iontas go bhfuil CLC tar éis diúltú na miontuairiscí a roinnt – tá diongbháilteacht léirithe ag an eagraíocht chun a gnó a choimeád faoi rún óna mic léinn a íocann as.

Ach an Meán Fómhair seo caite, vótáil baill CLC ar son athraithe – ag roghnú chun “CLC níos trédhearcaí a chruthú” le Donagh McDonagh a ruaigeadh agus Jemim Saidi, an chéad chathaoirleach atá ina mhac léinn freisin, a thoghadh ina áit.

ADVERTISEMENT

Faoi stiúir McDonagh, is minic gur tháinig CLC salach ar a bhunreacht féin, agus lig siad orthu gur údar masla a bhí ann nuair a rinneadh iarrachtaí freagracht a chur orthu. (Rinne McDonagh iarracht bac a chur ar nuachtáin mac léinn bheith i láthair ag an gcruinniú cinn bliana an Meán Fómhair seo caite, rud a sháraíonn an bunreacht a scríobh sé.)

Mar sin, bhí fonn athraithe orthu siúd a chaith vóta do Saidi. Vótáil siad do CLC nach mbeadh in aghaidh trédhearcacht san eagraíocht.

Ach sa Choláiste, bíonn an dreach ar an scéal nach n-athraíonn rudaí ar chor ar bith. Agus ar chúis éigin, níl tásc ná tuairisc ar na cruinnithe a tharla i rith ré McDonagh, dar le CLC.

An tseachtain seo dúirt Saidi nach bhfuil an chumhacht aige chun miontuairiscí a roinnt ó ré nach raibh sé i gceannas uirthi, agus nach bhfuil sé ach mar dhuine amháin ar choiste le 24 ball. Chomh maith leis sin d’áitigh sé go bhfuil CLC ag dul sa treo ceart, ghlac an coiste leis go roinntear tuairiscí óna cruinnithe amach anseo.

Tá luach siombalach ag na miontuairiscí seo anois: is comhartha iad do chastacht CLC, agus léiriú nach bhfuil an eagraíocht dáiríre go leor le dul i ngleic lena stair féin – próiséas atá riachtanach chun todhchaí níos fearr a chruthú.

Do eagraíocht a fuair €350,000 an bhliain seo caite i maoiniú ó mhic léinn, níl sé maith go leor.