Comment & Analysis
Feb 26, 2020

Tiocfaidh ár Latté: Athoscailt Chaife na Gaeilge

D’athoscail Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag tús mhí Eanáir, tar éis cinneadh é a dhúnadh i mí Mheán Fómhair.

Darragh Mac Giolla PhádraigScríbhneoir Op-Ed

Más mall is mithid, mar a deirtear. B’údar bróid dúinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é nuair a rinne an ollscoil Caifé na Gaeilge a athoscailt ag tús mhí Eanáir. Glacadh an cinneadh chun an caifé in Áras na Gaeilge a dhúnadh mí Mheán Fómhair seo caite toisc nach ndearna sé brabús le cúpla bliain anuas, agus ní raibh an ollscoil sásta na caillteanais a chlúdach níos mó.

D’eagraigh An Cumann Gaelach, OÉ Gaillimh agóid ar champas na hollscoile i mí Dheireadh Fómhair le haird a tharraingt ar an gcinneadh díomách seo. Tháinig breis is 120 duine amach ag agóidíocht an lá áirithe sin, rud a thaispeáin go bhfuil géarghá leis an tseirbhís. Bhí láithreoirí de chuid TG4 i láthair ar an lá, agus rinne na meáin Ghaeilge craoltóireacht ar an agóid, rud a thacaigh go mór lenár gcúis.

Ní hamháin gur léirigh an agóid seo an díograis atá ann i measc na Ghaeilgeoirí na cathrach seo, ba léargas í ar an gcumhacht atá ag mic léinn nuair a theastaíonn athruithe dearfacha uathu. D’éirigh le hiarrachtaí an Chumainn Ghaelaigh brú a chur ar bhainistíocht na hollscoile chun dul agus dream lónadóireachta nua a aimsiú; ní dhéanfaidís a leithéid gan brú leanúnach ó na mic léinn agus is dóigh liom gur ceacht foghlamtha é seo d’ollscoileanna eile.

ADVERTISEMENT

Cé go bhfuil muid thar a bheith sásta le ráth ár gcuid iarrachtaí, ní raibh san fheachtas seo ach túsphointe dúinne. Ba mhaith linn go mbeadh chuile sheirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge ar an gcampas, ó sheirbhísí sa leabharlann go dtí seirbhísí i Siopa Chomhaltas na Mac Léinn.

Cé go bhfuil muid thar a bheith sásta le ráth ár gcuid iarrachtaí, ní raibh san fheachtas seo ach túsphointe dúinne. Ba mhaith linn go mbeadh chuile sheirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge ar an gcampas

Dár ndóigh, beimid in ann an feachtas seo a úsáid mar shampla a léiríonn an t-éileamh atá ann i measc na mac léinn. Bhí baint ag baill an Chumainn Ghaelaigh leis an athoscailt agus tá baill dár gcuid mar chuid den bhord a dhéanann monatóireacht ar dhul chun cinn na seirbhíse óna athoscailt. Tá ag éirí go maith leis an gCaifé go nuige seo, agus táimid ag súil nach ndúnfar an caifé arís.

Ardaíodh ceist an dátheangachais nuair a bheartaigh an ollscoil stop a chur leis an tseirbhís seo. Is minic a dhéantar dearmad go mbaineann níos mó ná cúrsaí eacnamaíochta leis an gCaifé seo, áfach. Áit shóisialta is ea an caifé seo do na Gaeilgeoirí a fhreastalaíonn ar an ollscoil, ollscoil atá ceaptha a bheith dátheangach. Ní hamháin go gcuireann an áit seo tae, caife agus bia ar fáil do mhic léinn agus d’fhoireann Roinn na Gaeilge araon, tugann sé stádas don Ghaeilge san ollscoil nach mbeadh ann dá uireasa.

Chomh maith leis sin, tugtar deis thábhachtach do mhic léinn na hollscoile saol oibre a bheith acu trí mheán na Gaeilge ar an gcampas. Tá sé de cheart ag chuile Ghaeilgeoir na seirbhísí seo a éileamh trí mheán na Gaeilge agus iad ag freastal ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Más féidir rud éigin a dhéanamh i mBéarla, is féidir é a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; sin an mantra atá againn san ollscoil

Ceistíodh stádas na Gaeilge san ollscoil nuair a bhí lucht labhartha na Gaeilge san ollscoil gan seirbhís chuí ar feadh tamaill. Ní dóigh liom go bhfuil aon Ghaeilgeoir ar an gcampas atá gan Bhéarla; ní hionann é sin is a rá gur chóir go mbeadh orainn iompú ar an mBéarla agus na rudaí bunúsacha, cupán tae mar shampla, á lorg againn.

D’eagraigh an Cumann Gaelach roinnt imeachtaí sa chaifé le cúpla seachtain anuas, ar mhaithe le daoine a mhealladh ina threo. Ina measc bhí tráth na gceist agus seisiún ealaíne. Bréagnaíonn na himeachtaí seo an meon cúngaigeanta a bhíonn ann uaireanta go mbaineann an Ghaeilge le réimsí faoi leith den saol.

Chonaiceamar sa Dáil le déanaí agus Catherine Martin ag tabhairt óráide uaithi trí Ghaeilge go mbaineann an t-iliomad féidearthachtaí leis an teanga. Más féidir rud éigin a dhéanamh i mBéarla, is féidir é a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; sin an mantra atá againn san ollscoil agus bheimis lánsásta feachtas eile a chur le chéile dá mbeadh gá leis. Is cinnte gur maith an rud é go bhfuil muid in ann imeachtaí a bheith againn ar an gcampas arís.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil áiseanna maithe ag Conradh na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, áiseanna a mbainfimid úsáid mhinic astu. É sin ráite, is tábhachtach an rud é suíomh a bheith againn ar an gcampas a dhéanann an Ghaeilge feiceálach. Bhí “Tiocfaidh ár Latté” in úsáid againn mar shlógadh agus muid ag agóidíocht, agus is cinnte gur tháinig sé sa deireadh.


Tá Darragh Mac Giolla Phádraig mar oifigeach díospóireachta le Cumann Gaelach OÉG.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.