Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 3, 2020

Easpa Cur Chuige i Meascán Mearaí Athena SWAN an Choláiste

Tháinig deighilt chun cinn an tseachtain seo idir an leas-propast don chomhionannas agus an plean straitéiseach de bharr an ghradaim Athena SWAN.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a scríobh an Coláiste i bplean straitéasach nach bhfuil foilsithe fós go raibh sé mar aidhm acu gradam Athena SWAN a bhaint amach faoi 2025 – dhá bhliain i ndiaidh spriocdhátaí i gcomhar maoiniú taighde ríthábhachtach – caithfidh go raibh amhras orthu siúd a léigh an doiciméad.

Níor éirigh go maith le haon choláiste Éireannach san SWAN Athena – tionscnamh a cuireadh ar bun chun athruithe a bhí ag teastáil go géar a spreagadh san earnáil tríú-leibhéil – agus mar sin cé go bhfuil sé mar aidhm ag an gColáiste é a bhaint amach faoi 2025, níl an Tríonóid chun deiridh ar choláistí eile.

Ach nuair a cailleadh an spriocdháta i 2023, áfach, bhí baol ann go gcaillidís maoiniú agus go mbeadh droch-cháil orthu – rud a d’aithin an Coláiste go hinmheánach, i scéal a nochtaigh an nuachtán seo.

ADVERTISEMENT

Ar shlí amháin, bheadh sé mar fhaoiseamh do mhic léinn agus don fhoireann fáil amach nach n-aontaíonn Clodagh Brook, leas-propast chomhlaigh na Tríonóide ar son comhionannais, eagsúlachta agus ionchuimsithe, leis an bplean straitéiseach in aon chor, agus gur éiligh sí don Choláiste cuir isteach air faoi 2022.

Mar sin, i ndáiríre, d’fhéadfadh go n-éireoidh leis an gColáiste an bonn a bhaint amach agus greim a choinneáil ar an maoiniú taighde a fuaireadh ón gComhairle um Thaighde in Éirinn, ón mBord Taighde Sláinte agus ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.

Agus níl an chuma ar an scéal go bhfuil gealltanas Brook, a tharla le linn agallamh leis an University Times bréagach: labhair sí ag an mBord i mí na Samhna faoin slí inar bhféidir leis an gColáiste cuir isteach ar an ngradam faoi Aibreán 2022.

Ach tá sé thar a bheith aisteach go bhfuil plean straitéiseach na Tríonóide, doiciméad an-chlúiteach a aithnítear mar chuid lárnach de thodhcaí ghearrthéarmach an Choláiste, ar aon fhocal le haidhmeanna an tacadóra um chomhionannais is sinsearaí.

Tá seans ann go mbeidh an Tríonóid tar éis nuashonrú a dhéanamh ar an bplean – nach mbeidh eisithe go dtí an 10ú Márta – sula mbeidh sé ar fáil don phobal.

Go teicniúil, cuireadh an plean i bhfeidhm ar an 1ú Eanair, agus mar sin tá an chuma ar an scéal gur ghlac an Bord leis go bunúsach nach mbeidh teacht ar an mbonn airgid faoi 2023.

Ní féidir a shéanadh ach gur botún náireach é trasnáil an Choláiste – comhartha eile nach bhfuil gach rud faoi réir ag an Tríonóide maidir le fógraí comhionannas inscne.

Ach ag tabhairt sracfhéachaint air, tá sé soiléir gur sampla eile í an tubaiste seo den easpa chomhoibrithe atá ag tarlú maidir le comhionannas inscne sa Choláiste.