Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 23, 2020

Nocht an Phráisc Lóistín Lucht Riarachán na Tríonóide sa Bhealach is Measa

Bhí cáineadh géar tuillte ag an gColáiste as ucht mic léinn a dhíbirt gan mórán feasa roimh ré.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is fada a mhaireann seachtain i bpolaitíocht an Choláiste ar an lá is fearr – agus do lucht riartha an Choláiste, is dócha gur bhraith an tseachtain seo mar shíoraíocht.

An tseachtain seo caite, mhol an Bord Eagarthóireachta seo an Coláiste maidir lena fhreagra don phaindéim choróinvíris. Scríobhamar gur ghníomhaigh an Tríonóid le cruinneas agus cinntitheacht in áit nach raibheamar riamh cheana.

Seacht lá níos deireanaí, mothaíonn an argóint sin seafóideach, i ndiaidh don Choláiste mic léinn a dhíbirt óna lóistín le níos lú ná dhá lá le hullmhú.

ADVERTISEMENT

Bhraith a lán daoine go raibh an cinneadh mar olldhíbirt, agus thuill sé go leor cáinte. Mhothaigh Teachtaí Dála clúiteacha Eoin Ó Broin agus Thomas Byrne, chomh maith le Lorna Fitzpatrick, uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn go raibh orthu a ladar a chur sa scéal, ag díriú spotsholas na meán ar an gColáiste.

Is léir nach raibh an Coláiste réidh an lá dár gcionn, nuair a chúlaigh siad i ndiaidh cáineadh fíochmhar ó mhic léinn.

Leathnaíodh na critéir a thug cead do mhic léinn fanacht go tobann, agus dúradh leo siúd atá ina gcónaí i gCúirt an Chaomhánaigh agus i Mol an Dénártha nach raibh orthu fágáil – sárú soiléir ó Choláiste nach raibh aon údarás acu mic léinn a dhíbirt ó lóistín príobháideach sa chéad áit.

Léiríodh an Tríonóid sa bhealach is measa: ciotach agus místuama ar an lá is fearr, doicheallach ar an lá is measa – agus iad brúite chun cúlú náireach a dhéanamh a léirigh an díth céile a bhain leis an gcéad chinneadh.

Níos túisce sa tseachtain, cuireadh mic léinn a bhí ina gcónaí i lóistín Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath ar a suaimhneas go mbeidh deis acu síneadh ama a chur lena léas mar gheall ar an bpaindéim. Léirigh an cinneadh seo cé chomh gránna is a bhí an Tríonóid agus iad ag caitheamh lena mic léinn.

Gan dabht, is drochbhuilleadh eile atá ann do na mic léinn a brúdh amach é an nuacht go bhful reachtaíocht á cur i bhfeidhm ag an rialtas an tseachtain seo chugainn a chuirfidh bac ar dhíbirt i rith na paindéime.

Cé go bhfuil an Coláiste in ann osna faoisimh a ligean anois le campas folamh nach mbeidh chomh dóchúil an coróinvíreas a scaipeadh, d’fhág formhór na mac léinn sular athraíodh na crítéir, de dheasca éiginnteacht an Choláiste.

Is beag cúnamh a beidh i gceist leis an ngéilleadh seo – do fhormhór na mac léinn, is é seo an fál ar an ngort i ndiaidh na foghla.