Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 14, 2020

Maidir le Polasaí Gan Díobháil, Thug an Coláiste Tús Áite do Mhic Léinn

Níor tugadh an polasaí a bhí á lorg ag mic léinn dóibh, ach rinne an Coláiste tréaniarracht spiorad an pholasaí a léiriú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I mbealaí áirithe, tá seans maith ann go raibh díomá ag baint le cinneadh an Choláiste ar an bpolasaí gan díobháil – ce go raibh mic léinn ag tnúth go mór leis.

Níor aontaigh Comhairle na hOllscoile le feachtasóirí léinn, feachtasóirí a bhailigh le chéile chun an polasaí a chur chun cinn agus isteach sna meáin náisiúnta. Ach mhínigh an Coláiste a gcúiseanna agus d’obair siad chun an polasaí a mhúnlú ionas go n-oireann sé lena modhanna méasúnaithe.

Dóibh siúd a bhí go mór i bhfábhar an pholasaí, b’fhéidir go raibh sé deacar mothúchán ar bith a mhothú.

ADVERTISEMENT

Ar lámh amháin, dhiúltaigh an Coláiste d’éilimh na mac léinn agus chruthaigh siad a pholasaí féin – cúiseamh a chuirtear i leith an Choláiste go minic, agus rud a chuir imní ar cheannairí an fheachtais. Ar an lámh eile, ba dheacar aon fhadhb a aimsiú leis na moltaí a dhéanann tréaniarracht dul i ngleic leis na fadhbanna móra atá ag mic léinn agus aghaidh á thabhairt acu ar a scrúdaithe.

Rinne an Coláiste an-iarracht chun na polasaithe a mhíniú do mhic léinn, agus na cúiseanna taobh thiar dóibh. Ba annamh an rud é, ach thug an Coláiste beagnach an t-eolas ar fad a bhí sna doiciméid do mhic léinn.

Leis an bhfógra, léiríodh timpeallú ó thaobh an Choláiste de chun maorlathas fadálach a bhíonn i gceist le cinntithe móra na hollscoile a sheachaint. Ghníomhaigh baill foirne an Choláiste go tapaidh le tús áite a thabhairt do mhic léinn.

Is dócha go mbeidh tuairimí éagsúla faoin gceist má bhí níos mó comharliúchán ag teastáil sular déanadh an cinneadh seo, ach bhí soiléireacht ag teastáil ó mhic léinn, agus ní raibh siad ag fanacht.

An tseachtain seo caite, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo go raibh an polasaí gan díobháil an polasaí is fearr do mhic léinn a bhí ag streachailt le hioliomad dúshláin. D’aithníomar nach raibh an polasaí gan locht, ach go mbeidh smaointeoireacht chruthaitheach in ann é a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Is léir ón tsraith de roghanna atá curtha i bhfeidhm ag an gColáiste go bhfuil cinnteoirí na Tríonóide tar éis imní na mac léinn a thógáil san áireamh, agus le cúnamh Dé, líontán sábhála a thabhairt i mbliana.