Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 27, 2020

Munar Féidir Múinteoireacht Ar-Líne A Sheachaint, Caithfidh an Coláiste É a Chur i bhFeidhm i gCeart

Tá an Tríonóid ag smaoineamh ar léachtaí móra a bhogadh ar líne mar thoradh ar phaindéim an choróinvíris.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a thuairiscigh an páipéar seo ar an Aoine go bhfuil an Tríonóid ag cuimheamh ar léachtaí móra a bhogadh ar líne go dti Mí Eanáir, ní nach ionadh go raibh corraíl.

Sé sheachtain tar éis tús an dianghlasála pluchtach, tá sé deacair glacadh leis an dtuairim nach mbeidh an saol ar ais mar a bhí sé faoin bhFómhair. Tá seans go mbeidh éifeacht ag an bpaindéim ar dhá sheimeastar na mac léinn a bheidh ag filleadh ar an gColáiste i Mí Meán Fómhair – seo cuid shuantasach dá ré ollscoile.

Agus cé go dtugtar níos mó airde ar na mic léinn diomhúcha, rachadh sé seo i bhfeidhm ar an bhfoireann acadúil chomh maith, le hualaigh oibre borrtha de bharr na héilimh a bhaineann le múinteoireacht ar líne agus an t-athrú atá tagtha ar an bhfírinne oideolaíoch.

ADVERTISEMENT

Faoin dtráth seo, tá níos mó ceisteanna ná freagraí, níl an locht ar an dTríonóid as seo agus ar deireadh, ní an Coláiste a bheidh ag déanamh na cinntí móra maidir le múinteoireacht ar líne ach beidh orthu na treoracha náisiúnta agus idirnáisiúnta a leanúint.

D’fheadfadh go mbeidh na rialacha maidir le scaradh sóisialta fós i bhfeidhm, agus mar sin bheadh cosc ar léachtlanna plódaithe.

Dála an scéil, tá easpa cumhachta an Choláiste i dtaobh cásanna leighis teagmhasach – má théitear i dtreo an mhúinteoireacht ar líne, caithfidh an Tríonóid é a dhéanamh i gceart. Léireodh múinteoireacht ar líne go raibh athrú ollmhór tagtha ar thairiscint acadúil na Tríonóide. Bheadh ar gach éinne obair as lámh a chéile chun a seacht n-iarracht a dhéanamh.

Ach ní hé go bhfuil clú agus cáil ar chur chuige na Tríonóide le déanaí maidir le athruithe móra a dhéanamh ar an bpacáiste oideachais.

Le Tionscnamh Oideachas na Tríonóide, chuir riarachán ceanntrom isteach ar scoileanna agus ranna go minic mar ceapadh go raibh an t-eolas is fearr acu chun an stíl nua múinteoireachta a chuir in oiriúnt. Bhraith a lán mac léinn gur scrios sé seo an deis a bhí ag an gColáiste feabhas a chur ar an slí ina mhúintear sa Tríonóid – agus bheadh éifeacht i bhfad níos sonraí ag na hathruithe atá ar na bacáin anois ar mhic léinn.

I gcuinsí mar seo, tá sé níos deacra agus níos tabhachtaí ná riamh go seachnófaí neamhleanúnachas mar seo. Agus ní bhféadfá a rá gur é seo an cloch is mó ar phaidrín an Choláiste: beidh forbairtí acadúla ag tarlú i gcomthéacs airgeadais a bheidh dúshlánach.

Ach i gcás ollscoile, tá sé leagtha síos sna mbunphriosabail go dtugtar tús áite do mhúinteoireacht agus fhoghlaim. Ag druidim le tréimhse a dhéanfaidh níos mó dochair ná maitheasa do mhorán, caithfidh an Coláiste aird a choimeád ar an dtuairim seo.