Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 6, 2020

Ní Bheadh Polasaí Gan Díobháil Foirfe – Ach Is É An Moladh Is Fearr Atá Cloistithe Againn

I rith na seachtaine, d’éiligh na mílte mic léinn go gcuirfear polasaí i bhfeidhm a thabharfadh cosaint dá ghráid.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I rith na seachtaine, tháinig gluaiseacht mac léinn nua chun cinn. Ar fud na tíre, d’iarr na mílte sna meáin shóisialta ar a gcoláistí chun polasaithe “gan díobháil” a chur i bhfeidhm – a chinnteodh nach dtitfeadh gráid – le haghaidh tréimshe measúnaithe an tsamhraidh.

Thuigfeá cén fáth go mbeadh tóir ar a leithéid de mholadh – atá glactha cheana féin i roinnt coláistí sna Ríocht Aontaithe: cinntítear go gcríochnóidh mic léinn atá ar ghrád phas le grád deiridh atá mar an gcéanna nó níos airde ná an meán a bhí acu go dtí seo i mbliana.

I gColáiste na Tríonóide, bailíodh na mílte sínithe ar achainí a bhí i bhfabhar an pholasaí, agus tosaíodh feachtas ruathair ríomhphoist Dé hAoine seo caite– ag díriú ar an bpropast, an leas-propast agus an léachtóir sinsearach.

ADVERTISEMENT

Cé nach gciallaíonn achainí ar líne go bhfuil mórghluaiseacht cruthaithe, tógadh faoi deara go raibh díograis ag baint leis an bhfonn a bhí ar mhic léinn tacaíocht a thabhairt don ghluaiseacht: gheall an Propast Patrick Prendergast agus an Leas-Propast bhfiosróidh siad an polasaí.

Ach tá níos mó le déanamh ag an Tríonóid seachas na polasaithe seo a phlé, áfach. Táimid i lár paindéime, agus ciallaíonn sé sin go gcaithfear cúrsaí a athrú ó bhonn – ní féidir linn bheith ag ligeant orainnn nach bhfuil athrú iomlán tagtha ar thréimhse measúnaithe na bliana seo mar thoradh ar an méid atá tarlaithe le déanaí.

Tá gach uile mac léinn ag i gcruachás mar thoradh ar an gcoróinvíreas – níl teacht acu ar achmhainní luachmhara na leabharlainne agus ní féidir le héinne leas a bhaint as an stiúir agus struchtúr a bhaineann le léachtanna agus seimineáir a tharlaíonn duine le duine.

Ach ní hé sin le rá go bhfuil gach éinne faoin míbhuntáiste céanna. Díreach mar a tharraing an phaindéim aird ar éagothroime ar fud na cruinne, léirigh dúnadh an Choláiste go bhfuil mic léinn ar leith faoi mhíbhuntáiste a bhaineann le fadhbanna áirithe, ar nós coinníollacha oibre sa bhaile.

Tá athrú as cuimse tagtha ar ár saolta de bharr na paindéíme, agus tá seans go rachaidh cursaí in olcas sna seachtainí atá romhainn. An rud is cóir go bhfeadfadh an Trionóid a dhéanamh ná polasaí tuisceanach a chur i bhfeidhm a chabhródh le brú agus éiginnteacht.

Tá seans go mbeadh roinnt smaointeoireacht cruthaitheach i gceist le dearadh agus cur i ngníomh a leithéad de pholasaí, agus is é an réiteach is fearr le haghaidh mic léinn a bheidh ag tabhairt aghaidh ar mheasúnuithe samhraidh nach bhfuil tástáil ar bith déanta orthu.