Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 20, 2020

Reo ar Earcú le Macallaí Gruama ón Stair – Agus Iarmhairtí Dorcha

An tseachtain seo d’inis an Coláiste do cheannairí roinne faoi reo ar earcú foirne de dheasca an choróinvíris.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, bhain formhór den chomhrá faoin gColáiste le scrúduithe agus amchláir, agus cúis mhaith leis.

Tá Coláiste na Tríonóide, maraon le gach ollscoil eile, i dtine fhíochmhar leis an bpaindéim seo, agus is í an tosaíocht ná maireachtáil trí na míonna seo leis an méid is lú coilm a fháil.

Ach an tseachtain seo tháinig drochfhorbairt chun cinn, leis an gColáiste ag insint do cheannairí roinne go mbeidh reo ar earcú de dheasca “iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais” an choróinvíris.

ADVERTISEMENT

Tá sé deacar neamhaird a dhéanamh ar mhacallaí na staire – chonaiceamar lánchosc ar earcú san earnáil tríú-leibhéil cheana féin, i ndiaidh an tobchliste sa bhliain 2008 – agus tá sé deacar gan amharc ar seo mar an tús de fhírinne airgeadais nua.

Chomh maith leis sin, ba é an chéad admháil ón gColáiste don chúlú eacnamaíochta atá ag réabadh inár treo.

Bhí fadhbanna airgeadais teibí go dtí seo: d’admhaigh Propast Patrick Prendergast go bhfulaingeoidh an Coláiste mar thoradh ar an bpaindéim, ach bhí sé muiníneach go leor go dtiocfaidh an Coláiste slán, le ceisteanna ón nuachtán seo faoi phleananna caipitil a nocht moilliú le tionscadail tógála chostasacha.

Is cinneadh críonna é an reo ar earcú. Ní raibh sé dóchúil go mbeidh an Coláiste ag earcú i láthair na huaire ar aon nós, le campus dúnta go ceann i bhfad, agus is é seo an cineál cinneadh a mbeidh lucht riartha an Choláiste ag súil leis go gcuirfeadh sé an Tríonóid chun tosaigh ar chliseadh eacnamaíoch.

Ach tá sé dódhéanta gan smaoineamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí. An gciallaíonn sé go bhfuil deireadh tagtha le plean an Choláiste chun an cóimheas mac léinn–ball foirne a ghearradh – rud atá lárnach i bplean stráitéiseach a foilsíodh cúig sheachtain ó shin, agus ríthábhachtach don chóras rangnaithe? Agus cé chomh fada is a mairfidh an reo?

Tháinig bagairt léanmhar eile chun cinn i rith an scéil seo: Grúpa Pleanála an Choláiste – bord cinnteoireachta lán de na hoifigigh in sinsearaí sa Choláiste, a fheidhmíonn lasmuigh den réimse de Bhord agus de Chomhairle – a dhéanfaidh na cinntithe ar fad maidir le hearcú.

Níl a lán cinnlínte scríofa faoin nGrúpa Pleanála le déanaí, ach níl ort cuardú rófhada siar go dtí go raibh mic léinn agus baill foirne tógáil clampair faoi chiorraithe raidiceacha a bhí á ndéanamh faoi rún ag grúpa beag eilíteach.

Tá na cosúlachtaí, ar go leor bealaí, beagnach róghéar.