Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 20, 2020

Tá Botún Scrúdaithe Déanta ag an gColáiste Cheana, Damnú Faoi Leith atá ann i mBliana

I rith na seachtaine, fuaireadh amach go raibh amchláir morán mac léinn lán le botúin, cuid acu níos dáiríre ná a chéíle.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Faoi láthair, tá mic léinn ag ullmhú le haghaidh tréimhse measúnaithe gan fasach, caitheadh an socrú traidisiunta a tharlaíonn san RDS i dtraipisí agus tugadh isteach measúnuithe atá le déanamh sa bhaile mar thoradh ar phaindéim an choróinvíris.

Ach i gColáiste na Tríonóide, faraor, tá an chuma ar an scéal go bhfanann cursaí mar an gcéanna in ainneoin go mbíonn cursaí eile de shíor ag athrú.

Nuair a d’eisigh an Coláiste an t-amchlár i rith na seachtaine – 10 lá sula dtosaíonn tréimshe measúanaithe an tsamhraidh – bhí raic i measc go leor mac léinn.

ADVERTISEMENT

Tugadh faoi ndeara go raibh amchláir roinnt mic léinn breac le botúin, cuid acu níos measa ná a chéile. De réir cuid de na hamchláir, bhí scrúdaithe áirithe le bheith ag tarlú cúig lá roimh tús an tréimhse measúnaithe, agus de réir amchláir eile, bheadh mic léinn ag déanamh scrúdaithe le haghaidh modúil nach raibh fiú clárú déanta acu orthu. An t-údar gearáin is mó a bhí ann ná go raibh scrúdaithe ag tarlú ag an am céanna.

Gheall oifigigh an Choláiste go mbeadh na fadhbanna réitithe chomh luath agus is féidir, agus chuir siad béim ar an bpointe nach raibh éifeacht ag na fadhbanna riaracháin ach air líon beag scoileanna.

Ag smaoineamh ar scrúdaithe as cuimse an téarma seo, nuair a chuirtear san áireamh an neamhchinnteacht agus imní a bhain leo ón dtús – chomh maith le áitiú an Choláiste gurb’é an rud is tabhachtaí ná tacaíocht a thabhairt do mhic léinn i rith tréimhse measúnaithe atá curtha as de bharr pandéim mharfach – is mór an trua gur rinneadh na botúin seo ar an gcéad dul síos.

Agus ní fhéadfá a rá go raibh an Coláiste ag tosú amach leis an lámh in uachtar: arís is arís le blianta beaga anuas bíonn fadhbanna maidir le heagrú na measúnuithe. Ón bpraiseach a tharla i 2018 nuair a dtugadh an scrúdpháipéar mícheart do na céadta mac léinn go dtí an cíor thuathail a bhíonn ann go mion minic le seomra na gcótaí san RDS, ní hé an scéal go bhfuil dea-theist ar an gColáiste ina thaobh seo.

Ach i mbliana, níos mó ná riamh, tá seans go raibh mic léinn dóchasach. Tá morán acu ag ullmhú do scrúdaithe i ndroch-chuinsí, agus chuirfeadh sé masmas ort nach seachnaíodh botúin inchoiscthe.

An tseachtain seo caite, mhol an Bord Eagarthóra an Coláiste as beart cruthaitheach agus tuisceanach a chur i bhfeidhm chun teorainn a chur le héifeacht an choróinvíris ar ghráid mac léinn.

Is mór an trua go bhfuil an chuma ar an scéal gur tógadh céim amháin chun tosaigh agus tar éis imeachtaí na seachtaine seo, dhá céim siar.