Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 26, 2020

Sna Toghcháin Iarchéime, Reitric nár Tháinig le Fírinne Ghéar na n-Iarchéime

Ní raibh na triúr iarrthóirí inchreidteach ag an gcéad toghchánaíocht d’Aontas na Mac Léinn iarchéime an tseachtain seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a chuirtear gach rud san áireamh, is fíor a rá go raibh ganntanas d’fhíorléargas le fáil sa chéad toghchánaíocht den toghchán de chuid Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU) i mbliana.

Ag tús an fheachtais, atá ar siúl go hiomlán ar líne, is cinnte gur chuir na fadhbanna teicniúla leis an díospóireacht craptha, ciotaí.

Bhí an locht ar na triúr iomaitheoirí chomh maith. Theip ar chur i láthair s’acu, a bhí dírithe ar líon bheag éisteoirí (30, baill de chuid an bheirt nuachtán mhic léinn san áireamh), dul i ngleic leis na fadhbanna suntasacha a bheas ag mic léinn iarchéime i ndiaidh na paindéime.

ADVERTISEMENT

Is mór an trua é mar, i gColáiste na Tríonóide, is minic gurb iad na mic léinn iarchéime na chéad daoine a bhíonn ar an chaolchuid nuair a bhuaileann anró airgeadais, agus i measc na rabhadh lom go mbeidh an ollscoil thíos leis maidir le cúrsaí airgeadais mar gheall ar an choróinvíreas, is doiligh smaoineamh ar aon chás nuair nach mbeidh an fhírinne sin ag bagairt orthu.

Tá a fhios againn go mbeidh gá ann le cinntí deacra a ghlacadh, agus tá a fhios againn go bhfuil seans maith ann go rachaidh na cinntí seo i gcoinne na mac léinn iarchéime. I ndiaidh éisteacht le Gisèle Scanlon, Joseph Keegan agus Abhisweta Bhattacharjee, an tseachtain seo, áfach, bhí sé deacair rud ar bith a aithint a bhí cosúil le straitéis stuama maidir leis an dóigh le seo a sheachaint.

Le blianta i gColáiste na Tríonóide, an ghnáth-thuairim a bhí ann ná go raibh gá leis na harduithe táillí iarchéime seo do choláiste a bhí faoi ghreim maoinithe.

Ní raibh sé furasta deireadh a chur leis an smaoineamh seo – thóg sé míonna fada de stocaireacht agus pleanáil chomhordaitheach ó na hoifigigh shinsearacha, agus ar ndóigh an mórshuaitheadh a d’eascair agóidí na mae léinn, le fáil réidh de.

Le caillteanais de luach na céadta milliún ag bagairt orainn – agus gan aon fhreagra ón rialtas faoin fhéidearthacht go gcuirfidh siad a lámh ina phóca féin. Is féidir tuar a dhéanamh go rachaidh cursaí in olcas gan bheith i do dhuarcán. (Is fiú cuimhneamh gur gairid ó amhlaidh a bhí an scéal.)

Ach i measc na hiarrthóirí GSU i mbliana is cosúil nach bhfuil mórán fonn orthu mic léinn a eagrú le dul i gcoinne ciorruithe nó arduithe ar tháillí.

I mbeagán focal, le linn an toghchán GSU i mbliana dealraíonn sé gur mór an difear idir an plé atá ar siúl agus na baoil agus na fírinní atá roimh na mic léinn iarchéime.