Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 11, 2020

Tá Sé Deacair Misneach an Choláiste ina Thionscadail Chaipitiúla a Thuiscint

Tá sé ráite ag an gColáiste go rachfar ar aghaidh le pleananna le haghaidh TTEC agus E3, in ainneoin faitís airgeadais de bharr an choróinvíris.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ó thús 2020, nuair a thosaigh pleananna straitéiseacha ó ollscoileanna na hÉireann ag teacht ar an bhfód, bhí gné shuntasach amháin mar a chéile i ngach plean: gealltanais mhóra uaillmhianacha, a bhí dírithe don chuid is mó ar thógáil agus ar thionscadail chaipitiúla.

San am, bhí an Bord Eagarthóireachta seo amhrasach faoin mbaol a bhaineann le babhtaí caiteachais diomailteach mar seo, go háirithe nuair a thógtar san áireamh an éiginnteacht a bhaineann le maoiniú ardoideachais agus spleáchas ollscoileanna ar ioncam tráchtála agus ioncam ó mhic léinn idirnáisiúnta.

Anois, cúpla mí ina dhiaidh sin (shílfeá gur i bhfad ó shin atáimid, de bhrí an mhéid a thit amach idir an dá linn), táimid i bponc níos measa ná tromluithe aon straitéisí ollscoile – agus tá sé cóir an cheist a chur – an bhfuil aiféala ar choláistí de bharr uaillmhianacht a ngealltanais?

ADVERTISEMENT

I gColáiste na Tríonóide, thit cúrsaí amach i mbealach éagsúil ó ollscoileanna eile. Bhí tionscadail mhóra an Choláiste – ar nós an Institiúid Innealtóireachta, Comhshaoil agus Teicneolaíocht Éirithí (E3), agus an Campas Teicneolaíochta agus Fiontair (TTEC) €1 billiún – ar na bacáin le blianta, agus rinneadh an obair dhuaisiúil cheana féin an maoiniú dóibh a chinntiú. (In áiteanna eile, i mbliana ab ea an chéad uair do ollscoileanna ar leith tagairt a dhéanamh do thionscadail chaipitiúla ina bpleananna straitéiseacha cúig-bliana.)

Ach in ainneoin an phleanáil chun tosaigh a bhí i gceist le tionscadail mhóra na Tríonóide, bhí a lán nach raibh ar eolas. Agus faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní léir dúinn ach a mbaineann linn féin – gan a bheith ag iarraidh rath fadtéarmach ar phleananna tógála costasacha a shamhlú.

Is iontach mar sin faireadh ar an misneach atá ag cinnteoirí na Tríonóide agus iad ag déanamh measúnú ar inmharthanacht thionscnaíocht chaipitiúil an Choláiste. Má glacaimid le focail an Choláiste, beidh pleananna le haghaidh E3, TTEC agus an Sean Leabharlann ag dul ar aghaidh faoi lán seoil chomh luath is go mbeidh an saol ag teacht ar ais mar a bhí.

Beidh sé seo geall leis dodhéanta, i gColáiste atá tar éis reo ar earcú a chur i bhfeidhm chun titim €120 milliún a sheachaint san dá bhliain atá romhainn. Cinnte, caithfidh rud éigin géilleadh i dtaca le tionscadail a chosnóidh an Tríonóid na céadta milliún?

Ceart go leor, is dócha nach mbeidh in Tríonóid ag teacht amach, i lár paindéime, ag fógairt athruithe móra do shraith tionscadail a thaispeánadh seasmhacht agus dul chun cinn.

É sin ráite, am éigin, chaithfeá bheith amhrasach faoi indéantacht fhadtéarmach phleananna tógála an Choláiste.