Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 2, 2020

In Ainneoin na Fianaise, Diúltaíonn Éire Maoiniú a Thabhairt dá Todhchaí

Dúirt an Roinn Oideachais go mbeidh ar ollscoileanna na tíre a réitigh féin a aimsiú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Chuaigh an tÚdarás um Ardoideachais (HEA) go dtí an Roinn Oideachais ag déircínteacht ar thaobh amháin, agus le figiúirí léanmhara ar thaobh eile.

Titim de luach €508 milliún in ioncam san earnáil ardoideachais don bhliain 2020 agus 2021. Titim eile €44 milliún i maoiniú taighde agus €34 milliún eile caillte ag lóistín na mac léinn. €15 milliún eile caillte de dheasca an choróinvíris ar imeachtaí tráchtálaithe: tagann Leabhar Cheanannais chun chuimhne.

Tá seans ann go mbeidh tuilleadh costais de €116 milliún ann de bharr chuinsí gan choinne agus iompú na gcuraclam.

ADVERTISEMENT

Bhí éileamh an Údarás um Ardoideachais go dtí an Roinn lán de na figiúirí seo. Beidh “tionchar mór eacnamaíochta” ag an bpaindéim, a bhagair sé.

Ach, dar leis an Irish Independent, ní chuirfidh an rialtas aon tacaíocht ar fáil d’ollscoileanna na hÉireann. Bhí freagra na roinne ionann le croitheadh guaillí ón rialtas: agus iad ag rá le hollscoileanne go mbeidh orthu a bhfadhbanna maoinithe a réitiú lena mbuiséid féin, dúradh leo: “Baineann an fhadhb seo libh.”

Is beag an t-iontas é seo – bhí sé soiléir le blianta beaga anuas nach bhfuil an t-ardoideachas mar thosaíocht ag an rialtas nó ag an bpobal. Ach ní fadhb scoite í an ghéarchéim mhaoiniú ardoideachais: braitheann thodhchaí gheilleagar na tíre – agus an todhchaí a bhaineann le vaicsín don víreas – ar ollscoileanna.

Cuirfidh ollscoileanna oiliúint ar fhórsa oibre na hÉireann agus an cúlú eacnamaíochta ag teannadh linn. Beidh taighdeoirí ollscoileanna i lár an aonaigh maidir le vaicsín agus leigheas nua a chuirfeadh stop leis an víreas. Tá fiontar agus fórsa oibre oillte ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt don gheilleagar léinn anois níos mó ná riamh.

Bhí ollscoileanne gann ar airgid roimh an bpaindéim, agus is doiligh a fheiceáil conas a mhairfidh an earnáil sna blianta romhainn gan mheathlú. Dhéanfadh seo damáiste d’ollscoileanna agus don tsochaí i gcoitinne.

Níl freagra an rialtais maith go leor, agus ní mór do na boic mhóra san ardoideachas rud éigin a dhéanamh faoi. Tá argóintí cuimsitheacha ar son maoinithe acu – caithfidh siad iad a úsáid.