Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 6, 2020

Le Dúshláin Mhóra os a Chomhair, Tairgeann Harris Roinn Ardoideachais le Fócas Eacnamaíochta

Níos luaithe an tseachtain seo, dúirt Harris go spreagfaidh an roinn “infheistíocht inár dtír”.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Níl ann ach seachtain óna cruthaíodh an Roinn Ardoideachais, agus diaidh ar ndiaidh tá todhcaí na roinne á thaispeáint ag Simon Harris, an t-aire nua atá i gceannas ar an roinn.

Dar leis, beidh “fócas eacnamaíochta” ag an roinn, agus “go spreagfaidh sé infheistíocht inár dtír”. Tá cur cuige níos réadúla aige i leith an ardoideachais- ag díriú ar phoist, taighde agus nualaíochta seachas ar cheisteanna níos casta ar nós maoiniúcháin agus na healaíona agus na daonnachtaí.

Tá an fhírinne inste ag Harris go dtí seo. Le taighde, nualaíocht agus eolaíocht ag barr a chláir, níos luaithe an tseachtain seo fógraíodh infheistíocht de €4.8 milliún le haghaidh mol taighde coróinvíris na Trionóide.

ADVERTISEMENT

Tá athrú meoin suntasach le brath san earnáil óna ceapadh Harris.

D’fhulaing an earnáil éighníomhach tríú léibhéil toisc easpa maoiniúcháin ó rialtais neamhartacha agus tá an t-aire nua tar éis fuinnimh nua a thabhairt leis, rud a bhí fíorghá leis. D’eisigh ollscoileanna, an Cumann Ollscoileanna Éireann agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn, maraon le geallchoimeádaithe ríthábhachtacha ráitis dóchasacha faoin roinn nua.

Agus is cinnte go bhfuil neart le bheith dóchasach faoi.

Léiríonn an taithí a bhí ag Harris leis an bpaindéim coróinvíris go bhfuil sé toilteanach éisteacht go géar le comhairle saineolaithe. Is í easpa tola rialtais chun deileáil le anailís saineolach ar ardoideachais- ar nós an tuairisc Cassells- a chur le meath na hearnála. B’fhéidir go n-iompóidh Harris é seo.

Ní bheidh fuinneamh agus díograis amháin a dóthain chun an earnáil a spreagadh, áfach. Tá infheistíochtaí le haghaidh taighde choróinvíris go breá, ach tá maoiniú de dhíth i ngach
roinn den tríú leibhéil, ní amháin san eolaíocht agus taighde.

I dtaca sin, beidh deachrachtaí plean maoiniúcháin a roghnú- agus níos tabhachtaí beidh sé costasach. Go dtí seo, tá an t-aire nua ag gabháil an dúshláin air féin le scóip. Níl sé soiléir áfach, má nó muna gcuirfidh fírinní crua an ardoideachais deireadh leis an díograis agus go bhfágfar an earnáil mar bhí.