Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 27, 2020

Tá Seachtain na bhFreisir Láimhseáilte ag an CSC go Stuama. Ba Chóir d’Ollscoileanna é seo a Thabhairt faoi Dheara

Dúirt an CSC an tseachtain seo go mbeadh aonach na bhfreisir ‘srianta go mór’ go fisiciúil.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Le cúpla seachtain anuas, tá ollscoileanna tar éis pleananna dóchasacha a fhógairt maidir le hathoscailt, le fócas ar an teagmháil aghaidh ar aghaidh a uasmhéadú idir mhic léinn agus baill foirne, rud a chuireann go mór le míshásacht na mac léinn agus na foirne.

Mar shampla, dúirt Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, go bhfuil pleananna athoscailte Choláiste na hOllscoile, Bhaile Átha Cliath, a bhfuil sé mar aidhm acu go gcaithfidh mic léinn idir 40 agus 60 faoin gcéad dá ngnáthsceidil i seomraí ranga, “ró-uaillmhianach”.

An tseachtain seo, léirigh Lár-choiste na gCumann (CSC) Choláiste na Tríonóide d’ollscoileanna conas cumarsáid a dhéanamh le mic léinn le linn na paindéime ar bhealach réasúnta soiléir.

ADVERTISEMENT

I ríomhphost chuig na cumainn dúirt an coiste go mbeidh “srian mór” ar aonach na bhfreisir na bliana seo mar gheall ar threoirlínte éigeantacha sláinte phoiblí agus choláiste.

Chuir Cathaoirleach an CSC Lee Campbell in iúl do chumainn go bhfuil an CSC ag smaoineamh ar aonach na bhfreisir a bhogadh ar líne ar eagla nach bhféadfaí é a reáchtáil “go fisiciúil nó sa chás nach féidir le mic léinn áirithe a bheith i láthair ag an Aonach”.

Ba cheart fáilte a chur roimh ionracas na heagraíochta, cé gur nuacht díomách atá ann. Seachas rud nach bhfuil faoina smacht a shábháil, ghlac an CSC le coinníollacha doshrianta na bliana atá amach romhainn.

Níl aon dabht ach gur buille atá ann do chumainn agus a mballraíocht go mbeidh seachtain na bhfreisir ar líne agus go mbeidh sí ag teacht salach ar thús téarma an choláiste. Ach tá an CSC ag tabhairt ama do chumainn a gcuid gníomhaíochtaí a aistriú ar líne chun aonach na bhfreisir a tháirgeadh ionas nach ligfear daoine síos, rud a bhféadfadh tarlú le pleanáil ag an noiméad deireanach agus acmhainní teoranta.

Thairis sin, trí dhul i gcomhairle le cumainn agus iad a bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta, tá an CSC tar éis na féidearachta atá ag aon fhrithradadh in aghaidh an aistrithe a laghdú go sciliúil.

Ach bhí Campbell cúramach, ag meabhrú go bhfuil an CSC fós ag ríomh conas a bhfhéadfadh sé “aonach fisiceach de chineál éigin” a reáchtáil. Tá débhríocht na heagraíochta ar an bpointe, más ann dó, i bhfad níos dearfaí ná an chinnteacht a léirigh roinnt ollscoileanna le seachtainí beaga anuas faoi ghníomhaíochtaí ar champas sa bhliain acadúil atá le teacht.

Más rud é go bhfuil dul chun cinn déanta le cúpla mí anuas, is beag is féidir a thuar i ndomhan atá faoi rialú paindéime. Níl an CSC ag feidhmiú faoi sheachrán ar bith.