News
Aug 12, 2020

Acht na Teanga Oifigiúla á Sárú ag Ceithre Ollscoil

D'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil inniu, a léirigh nach raibh ach 53 faoin gcéad de chomharthaí na n-ollscoileanna ag cloí le hAcht na dTeanga oifigiúla.

Jennifer Ní ChiaraEagarthóir na Gaeilge

Foilsíodh tuarascáil faireacháin de chuid an Choimisinéara Teanga inniu ag nochtú go raibh os cionn 47% de chomharthaí in ollscoileanna faoi scáth Ollscoil na hÉireann i mBéarla amháin. 

Sáraíonn seo na rialacháin faoi Acht na dTeanagacha Oifigiúla.

Rinneadh iniúchadh i Mí Lúnasa agus Mí Deireadh Fómhair 2019 ar na comharthaí ag cheithre campais Ollscoileanna Náisiúnta na hÉireann: Gaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Má Nuad. 

ADVERTISEMENT

Thuairiscigh Tuairsc gurb in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh bhí 68 faoin gcéad de na comharthaí géilliúil, 56 faoin gcéad i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, 41 faoin gcéad i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus 37 faoin gcéad in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Thairis sin, i Má Nuad bhí os cionn 54 faoin gcéad de na comharthaí i mBéarla amháin. Níl raibh ach 53 faoin gcéad de chomharthaí na n-ollscoileanna géilliúil.

Dar leis an tuairisc tá 41 faoin gcéad de na cásanna de chomarthaí a scrúdaíodh bhí an téacs i mBéarla amháin. Ba chomharthaí sealadacha a bhí iontu den chuid is mó a bhí éasca le leasú i súile an Choimisinéara Teanga. Bhí roinnt de na comharthaí détheangacha neamhghéilliúil áfach toisc nár chloí siad “go hiomlán leis na rialacháin ó thaobh an téacs i nGaeilge”

In Ollscoil na hÉireann Má Nuad, bhí ainm na hollscoile léirithe i mBéarla amháin ar lógó na hollscoile. Mar chuid de na rialacháin is gá go mbeidh comharthaí agus ceannteidil stáiseanóireachta i nGaeilge amháin nó i nGaeilge agus Béarla. 

Dúirt an Coimisnéir Teanga gur scrúdaíodh é seo in 2016 agus “ba léir nár cuireadh moltaí an imscrúdaithe i bhfeidhm”. Tá moltaí déanta aige sa tuairisc chun aghaidh a thabhairt ar sárú na rialacháin seo sna hOllscoileanna.

Cuireadh in iúl do na hollscoileanna roimh réidh go mbeidh iniúchadh á dhéanamh ar an “leibhéal géilliúlachta leis na rialacháin chuí”. I dtaca sin scríobh an Coimisinéir Teanga chucu ag lorg eolais maidir le cad a bhí déanta ag na hollscoileanna chun cloí leis na rialacháin agus a fhiosrú an raibh aon iniúchadh déanta ag na hollscoileanna iad féin.

Tá dualgas reachtúil ag comhlachtaí poiblí claoí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla  agus i dtaca sin tá breisdualgais ar ollscoileanna  an Ghaeilge a chaomhnú faoi Acht na nOllscoileanna 1997. Sa tuairisc céanna fionnadh go raibh 75% de chomharthaí ag 10 n-ionad oidhreachta a scrúdaíodh ag clói leis rialacháin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.