Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 12, 2020

Ba Chóir go mBeidh tús áite ag Sláinte Phoiblí ar Thurasóireacht sa Trionóid

Cuirfear fáilte roimh thurasóirí ar ais ar champas amarach ar bhonn teoranta.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Do mhórchuid mic léinn na Trionóide, tá an nuacht go mbeidh riail amháin dóibh agus ceann eile do thurasóirí chomh coitianta go bhfuil sé mar chúis magaidh ar champas.

Ní haon rún é go bhfuil turasóirí mar thálaí suntasach airgid don Trionóid. Go dtí seo, bhí eachtraí seo- ar nós ag dúnadh leabharlanna na Trionóide an tseachtain roimh scrúduithe na bliana seo caite ach coimeádadh an taispeántas Leabhar Ceannanais ar oscailt- spreagtha ag cúinsí airgeadais.

Ag tosú amarach, fáilteofar turasóirí ar ais ar champas agus d’admhaigh an Trionóid nach mbeidh siad chun cinntiú go gcríochnaíonn cuairteoirí idirnáisiúnta a dtréimhse féin-aonraithe éigeantach.

ADVERTISEMENT

Ina theannta sin, bhíodh an Trionóid chun tosaigh ó thaobh sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí a chur roimh an ghnáthrud. Chuir an Coláiste stop le léachtaí sular d’ordaigh an rialtas do gach ollscoil agus scoileanna chun dúnadh, agus dúnadh an taispeántas Leabhar Ceannanais roimh ordú dianghlasa náisiúnta na hÉireann.

Tríd cheadúnas a thabhairt do thurasóirí teacht ar champas, tá an cuma ar an scéal go bhfuil sé ag dul i gcoinne na hoibre maithe atá déanta ag an gColáiste go dtí seo.

Is fiú a rá go bhféadfadh an Leabhar Ceannanais a bheith mar líne tarrthála fad agus atá coláistí ag druidim i dtreo cúrsaí eacnamaíochta éiginnteachta. Tá an Coláiste tar éis iarracht éigin a dhéanamh a bheith cúramach le hathoscailt an taispeántais, ag tabhairt isteach ticéid réamháirithe amháin agus ag glacadh céimeanna chun stop a chur le turasóirí ag fánaíocht timpeall Cearnóg na gComhaltaí, i dtaca le treoirlíntí sláinte phoiblí eile.

Ach ní chiallaíonn athoscailt áiteanna ar nós an Leabhar Ceannanais go bhfillfear ar an ngnáthrud agus ba chóir go n-aithníonn an Trionóid é seo: tá an víreas fós i láthair, agus d’fhéadfadh turasóir leis an gcoróinvíreas a bheith tubaisteach do mhic léinn agus don fhoireann.

Ní féidir leis an gColáiste filleadh ar a sheanslite agus a míle dícheall a dhéanamh do thurasaóirí ach bíonn mic léinn thíos leis. Níl sé seo mar cheist airgeadais a thuilleadh: ba cheart go mbeidh tús áite ag sláinte phoiblí thar thurasóirí a mhealladh ar champas.