News
Aug 17, 2020

Fearg agus Imní: Freagraí Tugtha ar Thuarascáil an Choimisinéara Teanga

Nocht tuarascáil an Choimisinéara Teanga gur sháraigh ceithre ollscoil Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir Sinsearach

Tá mic léinn agus eagraíochtaí teanga ar buille leis an méid a bhí i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh an tseachtain seo.

Nocht an tuarascáil, a foilsíodh ar an gCéadaoin, gur theip ar ceithre ollscoil – Ollscoil Éireann, Gaillimh, Má Nuad, Corcaigh agus Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath – comharthaíocht dátheangacha a chur ar fáil.

Ag labhairt leis an University Times, dúirt Clíodhna Ní Dhufaigh, Leas Uachtarán don Ghaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn nach raibh “sé maith go leor” go bhfuil ceithre ollscoil tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla a shárú.

ADVERTISEMENT

Chomh maith leis sin, dúirt Ní Dhufaigh go raibh “díoma orainn ach níl ionadh orainn.” Leag sí béim ar an íoróin a bhaineann leis an gcaoi gurb iad an ceithre ollscoil seo na hollscoileanna a bhfuil riachtanais Gaeilge don Ardteist fós acu.

Sheol Aontas na Mac Léinn in Éirinn treoir oifigiúil do mhic léinn chun a gcearta teanga a chur in iúl dóibh an Márta seo caite. Déanann ollscoileanna agus coláistí comhaontú leis an gCoimisinéir Teanga ó thaobh na seirbhísí a chuireann an institiúid sin ar fáil.

Ní hiad mic léinn amháin a bhfuil díoma orthu leis an méid a bhí sa tuarascáil. I ráiteas ríomhphoist go dtí an University Times, dúirt Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal do Chonradh na Gaeilge: “Is údár díoma é do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil na hollscoileanna ag cloí le rialacha comharthaíochta atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ba cheart do na hollscoileanna seo a leasú láithreach, agus an dualgas reachtúil atá orthú a chomhlíonadh go hiomlán gan a thuilleadh moille.”

Lean Mac Grianna ar aghaidh, ag rá: “Léiríonn an cás seo arís eile an gá le láidriú ar Acht na dTeangacha Oifigúla agus cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga ceisteanna mar seo a fhiosrú agus a réiteach.”

I ráiteas ríomhphoist go dtí an University Times, dúirt Sinéad Fitzgibbon, Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn i Má Nuad go mbeidh siad “ag obair go dian” le hOifig na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad “chun na fadhbanna atá aitheanta sa tuarascáil a réiteach.” in Ollscoil Mhá Nuad, bhí 54 faoin gcéad de na comharthaí as Béarla amháin.

Níor fhreagair Oifigigh na Gaeilge ó Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Chorcaí, Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath nó in Aontas na Mac Léinn Ollscoil Éireann, Gaillimh an t-iarratas ráitis.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.