Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 3, 2020

Is Fadhb é Iompar Meisciúil i Halla na Tríonóide. Níl Srianadh ar Líon na Leapacha mar an Réiteach

Tá cónaitheoirí imníocha timpeall Halla na Tríonóide ag déanamh iarrachta bac a chur ar an gColáiste níos mó líon leapacha a thógáil i Halla na Tríonóide.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is cuid lárnach é ag dul amach de shaol an choláiste- ach go háirithe sa chéad bhliain. Tugann Halla na Tríonóide a lán saoirse do mhic léinn céad bliana nach raibh acu riamh, agus de ghnáth baineann siad lántairbhe as.

Faraor, do chónaitheoirí timpeall Halla na Tríonóide, ciallaíonn sé seo go mbíonn neart daltaí ar meisce, ag déanamh go leor gleo agus ag cur isteach ar shuaimhneas na hoíche tromlach na seachtaine.

Ar ndóigh, cuireann sé seo isteach go mór ar a lán cónaitheoirí agus an tseachtain seo chuireadar a n-agóidí in iúl don Journal go tréan. Bhí pleananna an Choláiste chun síneadh a thógáil do lóistín d’os cionn 300 mac léinn “go huile agus go hiomlán doghlactha”. D’áitigh na cónaitheoirí go raibh iompar racánach agus garbh cónaitheoirí Halla na Tríonóide olc go leor cheana féin.

ADVERTISEMENT

Is fiú a rá áfach nach bhfuil Halla na Tríonóide mar phointe ina athghintear mic léinn ólta a théann go clubanna oíche agus tithe tabhairne na hardchathrach, ag cruthú an méid gleo is gur feidir leo, ag fágáil léirscrios idir Halla na Tríonóide agus Stad Luas Bhaile an Mhuilinn fad agus atá siad ar a mbealach.

Is áit í Halla na Tríonóide a gcodlaíonn na céadta mac léinn, a dhéantar staidéar, a chruthaítear cairde, a ligtear scíth agus áit a itheann na mic léinn. Is díon é os cionn na céadta daoine óga.

Seachas bac a chur ar mhic léinn- atá cheana féin ag iarraidh a mbealaí a dhéanamh tríd an margadh tithíochta costasach- tithíocht inacmhainne a bheith acu i mBaile Átha Cliath, b’fhearr do chónaitheoirí brú a chur ar an gColáiste níos mó iarrachtaí a dhéanamh chun na mac léinn a choimeád ciúin agus meas a léiriú ar an gceantar cónaithe.

Mar a luaigh Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide Eoin Hand an tseachtain seo : “ Is dhá ábhar ar leith iad na ceisteanna d’iompar frithshóisialta tuairiscithe agus an athfhorbairt bheartaithe ag Halla na Tríonóide.”

Ní chóir go gcuirfeadh cónaitheoirí suas le mic léinn ólta, mí-ordúla lasmuigh dá dtithe. Ní féidir a shéanadh áfach, go bhfuil níos mó áiteanna cónaithe de dhíth ó mhic léinn, agus tá sé mícheart do chónaitheoirí iarracht bac a chur leis an bhforbairt nó leapacha breise mac léinn.

In áit cáineadh a dhéanamh ar fhorbairt Halla na Tríonóide, ba chóir go lorgóidh cónaitheoirí Ráth Maonais socrú cuiditheach le Halla na Tríonóide agus an Tríonóid chun dul i ngleic le racán na mac léinn. Cuireadh beartais i bhfeidhm cheana féin chun na faidhbe a mhaolú- tabhair mar shampla, an bus ó Halla na Tríonóide go dtí stad Luas Bhaile an Mhuilinn. Tá freagraí réasúnta cosúil leis seo indhéanta. Chun teacht ar chomhréiteach beidh cruthaitheacht ón gColáiste agus meon níos cuidiúla ó na mic léinn de dhíth.

Ní gá go gcuirfeadh na cónaitheoirí bac ar 300 líon leapacha- is baolach go ndíolfar an t-asal leis an adhastar.