Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 28, 2020

Bhí an CSC Mímhacánta. Caithfear é a Thabhairt Chun Cuntais.

An tseachtain seo dúirt an CSC go mbeadh an CGB ar líne, in ainneoin a rá roimhe seo go mbeadh sé seo míbhunreachtúil.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Coicís ó shin, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo, gur bhain Lárchoiste na gCumann (CSC) an bonn ó chumainn an Choláiste trí léirmhíniú amhrasach ar a bhunreacht féin, rud a lig don choiste na toghcháin a bhogadh siar sé mhí.

Mhaígh an coiste gur éiligh an bunreacht go ndéanfaí a CGB – chun go dtoghfaí coiste nua – go pearsanta, in ainneoin treoir a thabhairt do chumainn a CGBanna féin a aistriú ar líne mar gheall ar an dianghasáil in Éirinn.

Anois, tá ráite ag an CSC go rithfidh sé a CGB ar líne ar 30 Meán Fómhair, gan aon mhíniú ar an gcúis go bhfuil sé bunreachtúil anois a fheidhmeannas a thoghadh ó chian.

ADVERTISEMENT

Fillfidh mic léinn Choláiste na Tríonóide ar léachtaí amárach, agus le na ráigeanna tubaisteacha den choróinvíreas sna SAM agus in Albain, chomh maith leis na deacrachtaí go léir a thiocfaidh le na ranganna ar líne, is cóir a rá nach bhfuil an mórchorraíl CSC seo chun tosaigh i go leor intinní . Ach tá sé tábhachtach an coiste a cheistiú maidir lena ngothaí: cén fáth ar áitigh sé i dtosach nach bhféadfaí a CGB a reáchtáil ar líne? Cathain a rinneadh an cinneadh dul siar ar an éileamh seo agus dul ar aghaidh le CGB fíorúil?

D’iarr an nuachtán seo ar an CSC do thrácht de réir mar a d’fhorbair an scéal seo, agus den chuid is mó, ní raibh an coiste fonnmhar a thaobh féin den scéal a thairiscint, gan an athrú ó bhonn a mhíniú ar a dhiúltú an CGB a reáchtáil ar líne.

Is léir nach raibh an CSC oscailte agus macánta maidir lena CGB – má tá a chéad fhírinniú bailí, rinne sé é sin a bhréagnú trí bhogadh ar líne. Ar an lámh eile, má tá CGB ar líne dlisteanach, bhí údar an choiste mímhacánta ar an gcéad dul síos.

B’fhéidir nach bhfuil mic léinn Choláiste na Tríonóide ag cailleadh codlata ina leith seo – go deimhin, d’fhéadfadh go mbeadh a lán daoine aineolach ar cad atá ar bun. Ach is gá na saincheisteanna seo go beacht – mar sháruithe bunreachtúla agus U-chasanna gan mhíniú – a lua agus a cheistiú. Tá smacht ag an CSC ar chumainn agus trí shíneadh ar chuid mhór de shaol agus airgead tirim na mac léinn.

Ar an gcúis seo, ní mór dóibh siúd atá i gceist – nuair a iarrtar orthu – míniú dlisteanach a sholáthar ar a gcuid gníomhartha agus cinntí. Theip ar an CSC i bhformhór na mbealaí é seo a dhéanamh.