Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 28, 2020

Dheileáil an Rialtas go Dona le Bogadh na gColáistí Uilig ar Líne.

Tráthnóna Aoine, d’fhógair an rialtas go mbeidh ar institiúdí ardoideachais ar fad bogadh ar líne.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a tháinig srianta leibhéal a trí i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, bhí institiúdí ardoideachais trína chéile ag iarraidh bogadh ar líne. Níl seachtain ach tréimhse ama bhídigh chun dul i dtaithí ar chúrsaí i gcomparáid leis na míonna a ghlac sé chun téarma de fhoghlaim chumaisc a fhorbairt – tasc, is cosúil anois, nach raibh fiúntas leis.

Má tá an cuma ar an scéal go bhfuil seachtain mar ghearrfhógra, samhlaigh ag fáil amach tráthnóna Aoine sula dtosaíonn an téarma – sin an méid ama a tugadh do institiúidí ardoideachais lasmuigh de Bhaile Átha Cliath chun bogadh ar líne.

Ar an Aoine, dúirt an t-Aire Ardoideachais Simon Harris go ndearnadh an cinneadh chun go “gcinnteofar leanúint nó tús sábháilte don téarma acadúla ar aghaidh”.

ADVERTISEMENT

Is beag an t-iontas í an chéim seo, agus tá an réasúnú fónta – séard atá deacair a thuiscint, áfach, ná an méid ama a ghlac sé ar an Roinn teacht ar an gcinneadh seo.

An tseachtain seo caite, cheistigh an Bord Eagarthóireachta seo an raibh teagasc ar champas, go deimhin, i gcónaí ina aisling. Bhí foláirimh ag gach cor – ó na dúshláin praiticiúla leis na hamchláir, go dtí réamhfhógra ollscoileanna Mheiriceá. Tá coláistí éagsúil ina mbunús : is beag earnáil eile leis an méid sin athróga leis an oiread measctha agus meascán atá ag ollscoileanna agus coláistí.

Ach- in ainneoin go raibh sé seo soiléir an tseachtain seo caite – ghlac sé seacht lá eile ar an Roinn chun síneadh na srianta a fhógairt do na hinstitúidí ardoideachais ar fad.

Tá an t-athrú intinne ag an nóiméad deiridh ina aisiompú ollmhór do ollscoileanna agus coláistí, a bhí orthu ullmhú chun múineadh ar líne, le fógra dhá lá.

Ghéill an Roinn go bhfuil baol ann go spreagfaidh instiitúidí tríu-leibhéal ráigeanna an choróinvíris – ag admháil go gcuirfidh seo stop le hathoscailt coláistí agus ollscoileanna go luath. Níl dhá lá a dóthain ama chun ullmhú le haghaidh modh teagaisc a mhairfidh níos faide ná atá éinne ag na fógraí nóiméid deiridh seo ag iarraidh a admháil.

Níl éinne á shéanadh go bhfuil na cúinsí ilriochtach sa tréimhse seo. Ach ó thaobh an oideachais de, níl athruithe ag an mbómaite deireanach ag teastáil nó tairbheach.

Ag an bpointe seo, tá mic léinn tar éis bogadh isteach ina lóistín – d’fhéadfaí a rá, go bhfuil formhór an damáiste atá an Roinn ag iarraidh a sheachaint cheana féin déanta.